24 Meán Fómhair 2009

ogham sa charrchlós 3

“Is fánach an áit ina bhfaighfeá ogham.”


An téacs Sean-Ghaeilge atá agam don Dubhaltach, má tá sé deonach an jab seo a ghlacadh air féin: Ní·fil i rremḟius in n-áitt i·mbí ogum. Séard a bheadh ann i litreacha oghaim, scríofa ó bhun go barr mar is iondúil, ná:

NI FIL I REMFIUS IN AITT IMBI OGUM

4 comments:

  1. Déanfaidh mé amárach é ós rud é gur lá give it a swirl atá ann
    http://volunteer.ie/-Give-it-a-Swirl-

    ReplyDelete
  2. Ritheann sé liom go bhfeadfaí rud deas ealaíonta a dhéanamh leis na carranna

    Tá HBHBF le feiceáil thuas ar dheis, san dara colún, abair!

    ReplyDelete
  3. @ D: GRMA.

    @ A: Is suimiúil an smaoineamh é sin! Ach bheadh an litir R beagán aisteach: cúig líne ar fiar, sin deich gcarr páirceáilte sa dóigh mhícheart. Ach, ar an láimh eile, beidh ar an Dubhaltach na líntí féin a athrú le haghaidh an R agus an G san abairt thuas freisin.

    ReplyDelete