27 Meán Fómhair 2009

Ní cló Rómhánach é, ach...


... tá an chosúlacht sin air. Is trua nach bhfuil an sampla seo níos mó, ach ní raibh mé in ann solaoid eile de a fháil. Chonaic mé é sa New York Times Magazine é. Is Araibis é, creid é nó ná creid. Qatar Foundation a chiallaíonn sé.


An focal atá cosúil le jbö, is é an focal Qatar é. Seo iad an dá fhocal sa script iondúil. Léitear ó dheas go clé iad:

Agus seo teanga eile a bhfuil cló i ngnáthúsáid aici atá níos Iartharaí, nó níos nua-aimseartha ar aon nós, ná an cló seanbhunaithe. Manoptica an t-ainm atá air. Seo é an focal Manoptica sa chló féin agus ansin sa chló iondúil. An litir atá cosúil le u, is /n/ í, agus an ceann atá cosúil le u droim ar ais, is /m/ í.



2 comments:

  1. Cé hiad na daoine a scríobhann an teanga "Manoptica" seo?

    ReplyDelete
  2. Gabh mo leithscéal! Manoptica an t-ainm atá ar an gcló seo. Téalainnis (Thai) an teanga atá i gceist. Feicim anois nach ndúirt mé é sin. Go raibh maith agat as an gceist a chur!

    ReplyDelete