14 Meán Fómhair 2009

an naomhluan



Comhfhocal is ea “naomhluan”, ó “naomh-” + “luan”. Is focal ársa é “lúan / lón” a chiallaíonn “dealramh, solas” de réir dealraimh (gabh mo leithscéal). Ní fheictear é ach in éindí leis an dara focal “láith” nó a leathbhreac. Dar le DIL, is some kind of radiation (?) above the head of a warrior in battle é an “lúan láith”, nó sorte d'auréole qui ne s'effacera pas qu'à sa mort.

Atracht in lúan láith asa étun comba sithethir remithir airnem [leg. airtem] n-óclaích.

D'éirigh an luan láith as a éadan go raibh sé chomh fada agus chomh ramhar le dorn óglaigh.

(LU 6470-71, faoi Chú Chulainn)

Anois, ba mhaith liom dul i bhfad ó bhaile le cúpla léaráid den “luan” a sholáthar. Is é sin le rá, i bhfad ó bhaile ón Táin ach ní i bhfad ó mo bhaile féin, mar is ó Iarthuaisceart Mheiriceá do na peitriglifeanna seo. Tá an rayed arc seo an-choitianta ar an gColumbia Plateau.


Uaireanta ní hé an “lúan láith” a éiríonn os cionn an ghaiscígh ach “a éan gaile”:

Is and sain trá tanic a bruth 7 a bríg 7 a mórḟerg in miled Hercoil 7 atrácht a én gaile ósa anáil co mbuí for forlúamain imma chend.

Ansin tháinig bruth agus brí agus mórfhearg an ghaiscígh Earcail, agus d'éirigh a éan gaile os cionn a anála go dtí go raibh sé ar foluain timpeall a chinn.

(LL 31414-15)

Agus anois, ba mhaith liom cuairt a thabhairt ar Iardheisceart Mheiriceá, mar a bhfuil a lán daoine le feiceáil a bhfuil éan ina shuí ar a gceann, nó in áit a gceann.



Is ionadh liom chomh tras-chultúrtha agus atá na móitífeanna seo, an luan láith / naomhluan agus an t-éan gaile!

3 comments:

  1. An-spéisiúil!
    An dtarlaíonn a leithéidí i gcultúir eile timpeall an domhain?
    Dá mbeadh na híomhánna céanna ar fáil san Áis agus san Afraic tá seans ann go bhfuil a mbunús ag teach ó réamhstair, smaointe ón neamh-chomhfhios.
    Ach má tharlaíonn sé in dhá chultúr seans gur comhtharlú atá ann. Ach fíor-spéisiúil fós.

    Tá roinnt scríofa ag Ormondo ar an ábhar seo http://ormondo-fon.blogspot.com/2009/09/munla-na-staire-cain-agus-aibil.html

    ReplyDelete
  2. Tá an naomhluan sách coitianta in ealaín Bhúdaíoch ar fud na hÁise, ach is féidir gur thosaigh sé seo in Gandhara, faoi anáil na nGréagach. Níl mé cinnte. Tá taighde le déanamh anseo!

    Ní raibh a fhios agam go bhfuil blag ag Ormondo. Cuirfidh mé é ar mo liosta láithreach!

    ReplyDelete
  3. "sorte d'auréole qui ne s'effacera pas qu'à sa mort"
    recte: "sorte d'auréole qui ne s'effacera qu'à sa mort"
    (Má thuigim ciall na habairte i gceart.)

    ReplyDelete