04 Meán Fómhair 2009

ceannlitir



Tá an ceannlitir seo le feiceáil sa LS Stowe 992. An aithníonn sibh í?

9 comments:

  1. mo leithscéal - tá nasc ann (agus anseo chomh maith).

    ReplyDelete
  2. Bhuel....táim cinnte go bhfaca mé é roimhe seo ach nílim in ann mo chuid nótaí a aimsiú anois.
    Ní chreidfeá an praiseach atá ar mo dheasc, ar an lár thíos faoi mo chathaoir agus i ngach áit sa seomra seo.
    An 'M' é?

    ReplyDelete
  3. Dearadh blátha ar forbhás ar bharr gais atá lúbtha sa ghaoth: siombail Mheán Fómhair? Aontaím leis an "M" de chuid Liz.

    ReplyDelete
  4. "M" atá ann, ceart go leor. Séard a bhíonn sna M-anna móra i gcónaí sna LLS ná an litir A móide eireaball. Sa chás seo, tá an A thar a bheith stílithe, ach tá an t-eireaball sách simplí.

    Féach "ó A go M" anseo:
    http://nimill.blogspot.com/2009/05/o-go-m.html

    ReplyDelete
  5. Dála an scéil, conas is féidir liom nasc a chur i nóta tráchta mar a rinne Gwybedyn thuas?

    Seachas Batman, is é an labrys / λάβρυς, an tua dhéthaobhach -- aka πέλεκυς agus bipennis -- a fheicimse san A.

    ReplyDelete
  6. Déanaimse é le html

    <a href="do nasc"> pé téacs is mian leat </a>

    ReplyDelete
  7. Ná dearmad an nasc iomlán a chuir ann http:// san áireamh. Is gá na comhartha athfhriotail.

    ReplyDelete
  8. Sonas ort, a Aonghuis! Bainfidh mé triail as:

    ó A go M

    ReplyDelete