23 Meán Fómhair 2009

Cannon Beach, Oregon



Mise ag siúl i dtreo na stacaí ar an trá leathan ag Cannon Beach, Oregon. Is basalt iad na carraigeacha seo, iarsmaí de laibhe a tháinig ina sruth go dtí an cósta ón nGrande Ronde, fad 300 mhíle. Idir 16.6 agus 15 milliún bliain ó shin a tharla sé seo.


Ag breathnú ar an ngealach úr díreach tar éis dul faoi na gréine.

5 comments:

  1. Tá Cannon Beach in Oregon go deas, ach is fearr linne Rialto Beach ar an gQuileute Reservation i Washington. Níl mórán daoine ansin.
    Chuamar go Neah Bay ar an Makah Reservation fiche bliana ó shin agus ba mhian linn siúl go Cape Flattery. Ach chualamar go raibh an cosán deacair is contúirteach. Bhí páiste ceithre bliana againn agus mé ag iompar cinn eile ag an am. Mar sin, ní dheachaigh mé ar an gcosán.
    Ach léigh mé in iris le déanaí go bhfuil cosán nua ag na Makah anois. An raibh tusa ag Cape Flattery riamh?

    http://www.northolympic.com/capeflatterytrail/

    ReplyDelete
  2. Tá Cannon Beach do na softies. :-) Ní raibh ach oíche amháin le caitheamh againn tar éis dúinn cuairt a thabhairt ar na cairde i bPortland. Bhíomar ag smaoineamh ar an oíche bhreise a chaitheamh i dtír na bhfíonta sa Ghleann Willamette, ach roghnaigh muid an cósta toisc go bhfuil an aimsir ag éirí an-te. Bhí ár n-óstán ar an trá agus bhí dinnéar magnifique againn san óstán béal dorais.

    Bhí mé ag Cape Flattery uair amháin, na blianta ó shin. Tá an áit sin i bhfad níos iargúlta agus níos fiáine ná cósta Oregon. Ní do na softies í. :-)

    ReplyDelete
  3. Dá smaoineoinn faoi thrá i Meiriceá bheinn ag smaoineamh faoi thránna plódaithe le daoine. Ach tá cuma dheas chiúin ar na grianghraif siúd.

    ReplyDelete
  4. Is tír ollmhór é Meiriceá. Tá chuile shórt daoine agus tírdhreach ann. Má tá spás uait, agus radharcanna farsainge, “mountains and rivers without end” mar a dúirt an file Gary Snyder, tá an tír seo “plódaithe” leo. ;-)

    ReplyDelete
  5. Sin é go deimhin

    D'obair mé ar na báid ó Bhostún go Provincetown tráth, mar mhairnéalach boird.
    Bhíodh na tránna ann plódaithe chuile lá gréine.

    ReplyDelete