17 Meán Fómhair 2009

Aonghus na nAor Ó Dálaigh


Bhí súil agam ceann de rannta deasa Aonghus na nAor Ó Dálaigh a phóstáil chugat ach tá an leabhar ar iarraidh,” a dúirt Cailliomachas i nóta tráchta thíos. Fuair mé píosa sách fada leis an teideal “Aoir Dhochtúir Whaley” atá curtha i leith file darbh ainm Fear Dorcha Ó Dálaigh. Níl a fhios agam an ionann Fear Dorcha agus Aonghus na nAor, ach is fíochmhar an dán é. Seo dhá rann as. Níl a fhios agam cé hé Jack Ketch.


7 comments:

  1. Bhí a lán Dálaigh ann, agus aorthóirí fairsing san sliocht.

    Crochaire ab ea Ketch, deir Wikipedia liom.

    (Is as Aonghus Ó Dálaigh a ainmníodh mise, ach leabharlannaí seachas file aoireach ab ea é)

    ReplyDelete
  2. An é an chaoi go raibh bua ar leith ag clann Uí Dhálaigh?
    :-)
    An líne a bhfuil suim ar leith agam ann ná "mallacht na mbaintreach 's na ngarlach". Deirtear go raibh cumhacht thar cuimse i mallacht (nó in aoir) na baintrí. Ní raibh cumhacht shaolta ar bith ag bean mar sin, ach bhí an mhallacht aici mar chúiteamh ar a laige.

    ReplyDelete
  3. Ceann de na Teaghlaigh Fileata ab ea iad.

    ReplyDelete
  4. Níor chuala mé an focal sin 'garlach' cheana. Is maith liom é mar fhocal. Caithfidh mé ceist a chur ar mhuintir Chonamara faoi, daoine le heolas nach bhfuil agamsa, faraor!

    Táim ar thóir freagra na ceiste 'tnúth a threabhas' duit freisin, a Dennis. Tiocfaidh mé ar ais chugat...

    ReplyDelete
  5. Níl a fhios agam cé acu is mó a thaitníonn liom an mhallacht nó an cló - cló gotach gaelach ag dul le mallacht dhubh dhorcha. Chuala mé faoi mhallacht na baintrí ach níl eolas thairis sin agam. Sílim gur rua a bhí Aonghus na nAor. Agus is ea, 'tnúth a threabhas' mar a deir Mise Áine, tá sé cosúil ó thaobh brí de, feictear dom le teideal leabhair le Pádraig Ua Maoileoin, Fonn a níos Fiach.

    ReplyDelete
  6. Is cosúil gur Rua a bhí sé, ceart go leor.

    Tá tagairt dó san alt seo ag Biddy Jenkinson

    ReplyDelete