15 Meán Fómhair 2009

aoir: an sainmhíniú is fearr


DIL: aér - act of satirizing, lampooning, defaming; satire, lampoon

FGB: aoir - lampoon, satire

An Foclóir Beag: aoir - píosa searbh scríbhneoireachta a dhéanann ceap magaidh de dhuine nó de dhaoine

Níl aon cheann de na sainmhínithe seo céad faoin gcéad ceart. Tá a lán aortha againn ó thús litríocht scríofa na nGael atá níos cosúla le mallachtaí ná le haon rud eile. Tá an sainmhíniú is fearr liomsa le cloisteáil san amhrán seo leis an mbanna Sualannach The Ark:

I can't give you no false affection.
I can do without your phony charm.
This train ain't moving in your direction.
This piece of poetry is meant to do harm.

8 comments:

  1. Ahh, Foclóir na hÁirce, an ea...:-)

    ReplyDelete
  2. Bhuel, is sampla maith den aoir -- sa chiall uileghabhálach Ghaelach den fhocal - é an t-amhrán seo. :-) Tá a lán samplaí deasa den ealaín seo sa leabhar _An File_ le Dáibhí Ó hÓgáin, sna caibidlí "Teoiric na hAoire" agus "Scríos á Dhéanamh le hAoir". Seo ceann acu, cuid d'aoir a rinne Eoghan Rua Ó Súilleabháin ar bhean áirithe:

    Gorta agus pláigh fé chlár dod' dhlúth-threascairt,
    Gan ola roimh bhás ná gáir os cionn do choirp.
    Gan sailm ná páis dá rá ort ná urnaithe
    Ná golfairt ag mná id' dhiaidh le fonn go fliuch.

    ReplyDelete
  3. Bhí súil agam ceann de rannta deasa Aonghus na nAor Ó Dálaigh a phóstáil chugat ach tá an leabhar ar iarraidh ó sheilfeanna na filíochta Gaeilge anseo agus níl an chuma ar an scéal go bhfuil sé amuigh ar iasacht. Bí ag caint ar dhochar. Ba in é an leaid chuige.

    ReplyDelete
  4. Ach féach go ndearna sé aithrí!

    Gach ar thug mé de ainbhreithe riamh,
    Ar mhaithe Mumhain, maithim iad
    Rug ógánach Uí Meachair léith loim,
    a oiread de ainbhreith orm.

    Aithrí tua!

    ReplyDelete
  5. Leabhar ar na cúrsaí seo le gairid ag Róisín McLaughlin nach bhfuil feicthe agam.

    ReplyDelete
  6. Tá an leabhar sin agam, agus is luachmhar an cnuasach é. Chuala mé Róisín ag caint air bliain ó shin, díreach sular foilsíodh é, agus chuir mé ar an liosta é láithreach bonn: Early Irish Satire ó DIAS. "Materials from the Old and Middle Irish periods" atá ann. Bhí Aonghus na nAor ró-dhéanach don leabhar seo.

    ReplyDelete
  7. Tá tagairt dó ag Croí Cine - go raibh sé ar rolla páigh Carew chun aor a dhéanamh ar Taoisigh Gaelacha.

    ReplyDelete