
Ní hé do vóta is cás dom anseo -- ní hEorpach mé -- ach chomh deacair agus atá sé yea nó nay a rá go nádúrtha i gcomhthéacs vótála. Is féidir go bhfuil daoine ag dul i dtaithí ar “tá” agus “níl”. Ach is ciotach an work-around é, mar sin féin. Tráth den saol, fadó fadó, (chomh fada siar agus atá siar ann? bhuel, ní chomh fada sin), bhíodh yes agus no ag na Gaeil: tó agus nathó. Is mór an trua é nach bhfuil na focail úsáideacha sin ar fáil againn anois!
Seo seanrann greannmhar ina bhfuil beirt fheirmeoirí, A agus B, ag caint. Baintear úsáid as “tó” faoi dhó, agus as “á”, focal fíor-ársa a chiallaíonn “trucail” nó “cairt”, i ngach líne.
In esser dam to á?
Tó, mani má mo á.
Ara tairi mo á mó?
Mani má to á, tó.
A: An dtabharfaidh tú do thurcail ar iasacht dom?
B: Tabharfaidh, mura mbrisfe mo thrucail.
B: An dtiocfaidh mo thrucail ar ais go luath?
A: Mura mbrisfe do thrucail, tiocfaidh.










