Tosaigh le dhá bhriathar, servīre na Laidine agus fo·gní na Sean-Ghaeilge, pós le chéile iad, fan naoi mí agus céard a thiocfaigh amach? An t-arracht seo a leanas a bhí in úsáid againn go dtí gur cuireadh searbhónta a ionad.
Tá an stair beagáinín níos casta ná an míniú thuas, ar ndóigh, ach an rud is tábhachtach ná gurb ionann ciall do servīre agus fo·gní. Thug an briathar Laidine an t-ainmfhocal servant do na Francaigh i bhfad ó shin. Tháinig servant leis na hAngla-Normannaigh go hÉirinn mar ar bhuail sé le foirmeacha den bhriathar dúchasach fo·gní ar nós fognam / fónamh agus foganta / fónta. Cuireadh le chéile iad, et voilà. Dála an scéil, tá searbhfhoghantaidhe le fáil in FGB (Ó Dónaill) fós mar var.




