Túsa indu-
lig a ribar
“Tú-sa i ndulig,” ar Ibar.
Tosaíonn an abairt seo ag deireadh líne amháin sa lámhscríbhinn agus críochnaíonn sí ar an gcéad líne eile, mar atá le feiceáil thuas. Dúirt an t-ara Iobhar an méid seo le Séadanta sa Mhacghníomhartha. “Tá mé i bponc” a déarfaí i nGaeilge an lae inniu.
Is ionann “dulig” agus “doiligh” (= deacair, dona), focal atá againn fós, ach in úsáid anseo mar ainmfhocal. Focal ar fhocal: “Tá mé in áit / i rud atá deacair,” nó “Tá mé i ndeacracht.”
Maidir leis an tsanasaíocht, tháinig “doiligh” ón rémhír do- (= nach féidir, atá an-deacair, dona) móide foirm den bhriathar “fo·long” (= fulaing). I bhfocail eile, ciallaíonn sé “deacair a fhulaingt”. (Má tá do-fhocal ann, is iondúil go mbíonn so-fhocal ann freisin, mar atá “suilig” sa chás seo. Níor mhair sé beo go dtí an lá inniu, go bhfios dom.)
Tá foirm eile den fhocal "doiligh" beo bríomhar i nGaeilge na hAlbain. Mar shampla:
Tha mi duilich. = Tá brón orm.
I gcónaí suimiúil, Dennis, agus i gcónaí rud le foghlaim agam ó do bhlagmhíreanna.
ReplyDeleteSquee! Tá Dennis ag blagáil aríst. : )
ReplyDeleteSílim go bhfuil do bhlag an-suimiúil i gcónaí, a Dhennis. Ba cheart duit scríobh níos mó agus níos minice. : )
Bíonn sé ró ghafa ag cabaireacht linn ar Twitter!
ReplyDeleteDála an scéil, tá dofhulaingthe & sofhulaingthe ag an dálach ina Fhoclóir.
Tá Twitchy na Gaeilge uainn! : )
ReplyDeleteNí gá cloí leis an ngeiteo Gaelach!
ReplyDeletehttp://indigenoustweets.com/ga/
ReplyDeleteGRMA as an nasc. Rinne mé dearmad ar an leathanach sin! : )