22 Iúil 2013

níos gáirsiúla ó aois go haois



nad fess can cland na cenel duit

Go luath sa seanscéal Immram Curaigh Maíle Dúin (Iomramh Churach Mhaoil Dhúin), casann duine dá chomrádaithe óga a neamhdhlisteanacht le Maol Dúin; is é sin, nach bhfuil a fhios acu cé hiad a athair is a mháthair. 

Sa leagan is sine den scéal, atá le fáil in Leabhar na hUidhre (1673), deir a chomrádaí:

“Tussu,” ol se, “nad fess can cland ná cenél duit, 7 nicon fes mátair ná hathair…”

“Tusa,” ar seisean, “nach bhfuil a fhios cén chlann ná cineál duit, agus níl a fhios do mháthair ná d'athair…”

I leagan níos déanaí den scéal a tháinig anuas chugainn sa lámhscríbhinn Leabhar Buí Leacan (YBL), deir an lead céanna:

“Ale, a Mael Duin,” ar se, “tusu na fes can cland na cenel 7 na fes cia cu rod cumthusin for otrach…”

Tá sé seo an-chosúil leis an gcéad leagan, ach amháin go bhfuil an tarcaisne níos boirbe. Deir sé “níl a fhios cén cú a rug thú ar charn aoiligh”. 

Sa leagan is déanaí dá bhfuil againn den scéal, sa LS Harleian 5280, tá sé níos boirbe fós:

“na fes cia cu rot·chac for otrach” = “níl a fhios cén cú a chac thú ar charn aoiligh”

Bhí leagan eile den mhasla seo beo fós ar bhéal na ndaoine sa Ghaeltacht:

“Níl a fhios cén cú a chac é ná cén madra gearr a bhaist é (.i. a mhún air)!”

3 comments:

  1. Bhabh..níl tú ag magadh! D'éirigh sé sin i bhfad níos gairbhe.

    An bhfuil 'fhios agat cén fáth?

    Cuireann sé an tSín ag am Confucious nó Meiriceá sa lá atá inniu agam i gcuimhne dom.

    ReplyDelete
  2. "Lá atá inniu ann" an rud a bhí mé ag iarraidh a rá. : /

    ReplyDelete
  3. Mura raibh sé ar eolas agam cheana, mar mhasla, tá anois..:-)

    ReplyDelete