16 Iúil 2013

íseal le hard



Fuair mé an rann seo an lá cheana in Zeitschrift für Celtische Philologie, imleabhar 7, leathanach 268. Séard atá ann ná eagrán a rinne Kuno Meyer de rann a fuair seisean sa lámhscríbhinn B.iv.2 de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann, scríofa le Mícheál Ó Cléirigh sa chéad leath den 17ú haois.

Tá go maith. Tá na sonraí uilig agaibh. Anois, seo iad an bunleagan, leagan eile de i dteanga is litriú an lae inniu, agus aistriúchán Béarla:

Íssiol fri hard, ní bec búaidh;
slemoin fri garǔ caich ar n-úair;
intí diroindi samlaid,
bidh réidh riëm cech n-aimhréidh.

Íseal le hard, ní beag bua;
sleamhain le garbh cáich ar uair;
an té a rinne amhlaidh,
beidh réidh roimhe gach aimhréidh.

Lowly toward the high, no small virtue;
smooth to the rough of each in turn;
whoever does thus,
every difficulty he encounters will be easy.

Ach tá níos mó ann. Fuair mé amach go bhfuil an chéad leagan de na focail seo i bhfad níos sine ná a bhfuil againn thuas. Tá siad le fáil mar nóta imill i lámhscríbhinn Laidine ón 10ú haois ar a dtugtar Codex Bernensis. Seo iad ar bharr an leathanaigh (fol. 117a):


Agus seo mar a cuireadh i gcló iad in Thesaurus Palaeohibernicus, iml. 2, lch. 235:


Brigit dixit:
Isel fri art
tailciud fri gargg
cáith a uuair
cachóin dogéna samlid
bid reid riam cach n-amreid.

Íseal le hard
géilliúil le garg
cách ar uair;
gach aon a dhéanfaidh amhlaidh
beidh réidh roimhe gach aimhréidh.

1 comment:

  1. Tóg bog é
    Géill slí
    Déan amhlaidh
    In áit deacrachtaí
    Beidh romhat
    Machaire míne síoda
    Bánta sróil?

    ReplyDelete