07 Meán Fómhair 2014

Immumruidbed. A verbal complex.


Immumruidbed.  = I have been circumcised. = Timpeallghearradh mé.

Is abairt iomlán é an briathar Sean-Ghaeilge seo. Is féidir é a bhaint as a chéile gan dua.  Tosóidh muid leis an mbriathar is simplí atá i bhfolach sa verbal complex seo:

benaid = strikes, cuts (“baineann” i nGaeilge an lae inniu)

Cuir an réimír di- leis: di·ben = cuts away. Cailltear an siolla deiridh ag an bpointe seo.

Cuir réimír eile leis sin: imm·diben = cuts away around = circumcises.

Cuir cuspóir ann, rud a dhéantar le forainm iontáite (infixed pronoun) sa tSean-Ghaeilge. Is -(u)m- atá de dhíth sa chás seo:   imm - um - diben ⇒ *immumdiben = circumcises me.

Cuir an mhír ro isteach sa méid sin uilig anois, le foirfeacht a chur in iúl. (m. sh. did = caite, have done = foirfeach): immum - ro - dib ⇒  *immumruidib = has circumcised me. Cailltear an siolla deiridh uair amháin eile.

Tá athrú amháin eile ag teastáil anois le habairt chéasta (passive) a dhéanamh de. Cuirfidh muid an foirceann -ed leis anois: immumruidib - ed*immumruidbed = I have been circumcised. Iontas na n-iontas, cailltear siolla amháin eile anois, ceann i lár na abairte, mar atá an guta -i-.

Ag an bpointe seo, níl fágtha den bhriathar benaid ach an litir b: Immumruidbed.

Cén fáth ar cailleadh na siollaí sin uilig? Ní hansa. Tá béim an-láidir ar shiolla amháin i ngach focal sa tSean-Ghaeilge, agus béim cuibheasach lag ar na siollaí eile. Gan bhéim láidir orthu, titeann na siollaí is laige amach. Tá an patrún sách rialta, ach is minic a bhíonn an toradh deacair a thuiscint d'éinne nach bhfuil sáite sa teanga, go háirithe más verbal complex fada casta atá i gceist.

Nod libh: cuirtear réiltín * roimh aon fhocal nach bhfuil attested, nach bhfuil fianaise againn de ó théacs stairiúil.

3 comments:

  1. An (for)craiceann is a luach arís uait

    Cloífidh mé le Gaeilge na linne, sílim.

    ReplyDelete
  2. An comhartha é go raibh an teanga in úsáid le tamall an-fhada ar fad má b'fhéidir ciorrú dá léithéíd a dhéanamh gan an chiall a scrios?

    ReplyDelete
  3. Sampla maith é seo den chastacht agus den deacracht a chinneann gur leor seimeastar amháin den tSean-Ghaeilge chun an ruaig a chur ar lear mór macléinn. Agus is trua sin, mar is iontach álainn mar theanga í.

    ReplyDelete