14 Meán Fómhair 2014

briamon smetrach



An bhfuil an fear óg seo ag iarraidh duine eile a mharú? B'fhéidir go bhfuil, más file ar an seandéanamh é a bhfuil briamon smetrach ar eolas aige. Míníonn an sliocht seo as Sanas Cormaic céard atá i gceist.

Leabhar Buí Leacáin col. 14

BRimon smetrach .i. ainm 
nemthiusa dogníat filid im nech 
atatoing .i. meilid smit ind aue 
iter a dá mer 7 do ecce in duine ima 
ndene nemt[h]ess.  Firmod son amail 
is fri duine anechta[i]r atá in ball sa 
sic is fri daoine anechtair ata in 
duine se. Amail is time 7 is tláit[h]i 
in ball sa quam alia membra sic et hic
homo.



“Brimon smetrach, .i. ainm gnímh a dhéanann filí in aghaidh neach a thugann diúltú dóibh, .i. meileann sé maothán na cluaise idir a dhá mhéar agus éagann an duine a ndéantar an gníomh ina aghaidh. Fíormhodh é seo, ós lasmuigh den duine atá an ball seo, agus is lasmuigh de dhaoine atá an duine seo. Go díreach mar atá an ball seo níos boige agus níos laige ná na baill eile, sin mar atá an duine seo.”

Tá an scéal taobh thiar den téarma “brimon smetrach” sách doiléir. Tá cur síos air le fáil i gcúpla ghluais eile atá an-chosúil leis an gceann seo, uaireanta leis an litriú “briamon.” Ní luaitear i scéalta ná i bhfilíocht é, áfach, mar sin ní fheiceann muid in action é.

Maidir le haction, d'aistrigh mé an téarma “nemthes, gin. nemthiusa” le an bhfocal “gníomh,” ach bhí brí níos cúinge ná sin leis. Deir DIL an méid seo faoi:

[It] seems to be used of the power which the ‘filid’ possessed of punishing those who refused their demands with degradation or loss of social status.  

Bhí ciall níos leithne leis, de réir dealraimh, ná professional privilege. Cf. an focal “neimheadh” in FGB: privilege of rank; status; dignity.

5 comments:

  1. sárchumhacht eile ach atá caillte le fada ag leithéidí Rosenstock agus Ó Searcaigh srl.?

    ReplyDelete
  2. Teiripe is ea filíocht sa lá atá inniu ann, níos minice ná aon rud eile.

    ReplyDelete
  3. Seans gur maith an rud é nach bhfuil sé de chumas ag filí marú mar seo - tá barraíocht acu san tír!

    Ab é nach bhfuil aon scéal tagtha anuas chugainn faoi ghníomh mar seo, meas tú, nó an píosa bligeardachta ag foclóirithe is bun leis?

    ReplyDelete
  4. Ag féachaint air seo, aon seans go bhfuil míléamh againn i scéal Dheirdre? Rug sise greim ar chluasa Naoise len' é a náiriú - b'fhéidir is iad a cluasa féin a bhí i gceist sa bhun-scéal?

    ReplyDelete
  5. Sin smaoineamh! Is cosúil go raibh cumhacht (?) ar leith ag baint le maothán na cluaise ag an am sin. Taighde le déanamh agat!

    ReplyDelete