20 Eanáir 2014

Altram Tige Dá Medar


Seo sliocht as an scéal “Altram Tige Dá Medar” a tháinig anuas chugainn sa lámhscríbhinn Leabhar Fhear Maighe. Tá Manannán ag tabhairt comhairle a leasa d'Aonghus, á bhrostú chun seilbh a ghlacadh ar Bhrú na Bóinne. Tabharfaidh mé an bunleagan ar dtús, díreach mar atá sé scríofa, móide beagán poncaíochta.


“Leig as,” ar Manannán, “oir is uaisli ri na ridiri & is uaisle triath na tanaisdi & is fearr comus na cuidiugadh & is fearr airithi na oirciseacht & is fearr tele a lamh na teli a athair no mathair no athach, gibe acu ar a n-iarfa achuingi & do cuir sin crideam comor an Aengus & adubhairt, “Isi do comairli dogentar do chur so, a drigh,” ar Aengus.

“Lig as,” arsa Manannán, “óir is uaisle rí ná ridirí, agus is uaisle triath [prionsa] ná tánaiste, agus is fearr cumas ná cuidiú, agus is fearr áirithe ná oirchiseacht [trua], agus is fearr ‘tabhair, a lámh’ ná ‘tabhair, a athair’ nó a mháthair nó a athaigh, cibé acu ar a n-iarrfá achainí, agus chuir sin creideamh chomh mór in Aonghus, agus dúirt “Is í do chomhairle a dhéanfar do chur seo [an turas seo], a dhruí,” arsa Aonghus.

Tá suim ar leith agam sa tsraith comparáidí a dhéanann Manannán le huchtach a thabhairt d'Aonghus:

Is uaisle rí na ridirí. 
A king is more noble than his knights.

Is uaisle triath ná tánaiste. 
A great king is more noble than the heir apparent.

Is fearr cumas ná cuidiú. 
Ability is better than aid. 

Is fearr áirithe ná oirchiseacht. 
Certainty (firm ownership) is better than charity.

Is fearr ‘tabhair, a láimh’ ná ‘tabhair, a athair’. 
‘Give, o my hand!’ is better than ‘Give, o father!’

Tá focal amháin sa téacs seo nach bhfuil againn níos mó ar chor ar bith, mar atá “tele” nó “teli”. Deir eDil gur iasacht ó theanga Ghearmánach atá ann, is dócha: 

taile, tele, etc. ipv. 2 s. (prob. Germ. loanwd., Thurn. Hdb. § 586 ). give, bring hither


… tele a lamh na teli …

11 comments:

  1. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
    Replies
    1. Go han-mhaith, a Dennis.
      An bhfuil a thuilleadh eolais agat ar 'Teach Dá Medar"? Níl aithne agam air.

      Ceapaim 'Fosterage of the House of Two Speeches" mar theideal den scéal.

      20 Eanáir 2014 18:37

      Delete
  2. Is fearr "Dáil orm a lámh" ná "Dáil orm a athair", seans?

    ReplyDelete
  3. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  4. Is maith liom an tsraith comparáidí - go raibh maith agat, a Dennis.

    ReplyDelete
  5. @Liz - Féach "meadar" in FGB agus http://www.maryjones.us/ctexts/fosterage.html

    ReplyDelete
    Replies
    1. Tugtar meadar ar bhéile atá caite le chéile gan aon phlean ná oideas. Má tá sé sa gcófra, beidh sé bpota mar a déarfá.

      Delete
  6. @Aonghus Is dócha nach bhfuil gaol ag "tele" le "dáil". Tá taighde le déanamh agam.

    ReplyDelete
    Replies
    1. An mbeadh gaol aige le 'teilgeoir'?

      Delete
  7. @ Maitiú Maidir le "tale / tali" sa téacs, is dócha gur saghas dobhriathar a bhí ann ó cheart, cosúil le "ille = hither", "i leith" i nGaeilge an lae inniu: gabh i leith.

    ReplyDelete