13 Nollaig 2013

An Draoi mar Gheoiméadraí


Tá mé díreach tar éis an leabhar seo a léamh. Leabhar amháin atá ann, cé go bhfuil dhá theideal agus dhá chlúdach air, ceann amháin i Sásana agus an ceann eile i Meiriceá. Tá an fear a scríobh é, Graham Robb, ina staraí a bhfuil clú bainte amach aige mar údar: The Discovery of France, Parisians: An Adventure History of Paris, agus dornán leabhar eile.

The Ancient Paths:
Discovering the Lost Map of Celtic Europe 

The Discovery of Middle Earth: 
Mapping the Lost World of the Celts

Ní Ceiltíoch (scoláire na gCeilteach) é Robb, ach rinne sé jab réasúnta maith ag cuimsiú stair fhada na gCeilteach ar an Mór-roinn. An teoiric úrnua atá aige ná go raibh suim ar leith ag na draoithe i ngluaiseacht na gréine - na grianstadanna go háirithe - agus i línte eile ar nós na klimata (atá cosúil leis na línte domhanleithid a fheictear ar léarscáileanna inniu). Bhí na línte seo chomh tábhachtach sin dóibh gur shuigh siad a gcathracha, a ndúnta, agus a gcuid teampall dá réir. 

Tá a lán léarscáileanna sa leabhar, agus a lán línte orthu ag taispeáint leagan amach dhomhan na gCeilteach, dar le Robb.


Bhain mé an-sult as an leabhar mar scéal. Is cumasach an scríobhnóir é Robb. Níl a fhios agam beo an bhfuil an ceart aige maidir lena theoiric, ach ní dóigh liom gur crank atá ann ar chor ar bith. Tá cuid na criticí ar amazon.com agus ar amazon.uk ag rá go bhfuair Robb na torthaí a bhí uaidh a bhuí le cherry picking nó scothroghnú. Is féidir go bhfuil cuid den cheart acu. Ach an ceart iomlán? Sin í an cheist.

Tá lón machnaimh tugtha ag Robb do scoláirí i gcúpla disciplín. Is fúthu siúd a theoiric a bhréagnú anois.   Idir an dá linn, tá spéis an phobail múscailte aige i stair na gCeilteach, rud a tharlaíonn ó am go ham, agus is dócha gur maith an rud é sin!


6 comments:

  1. Má éiríonn leis an leabhar seo rud suimiúil andúchasach a dhéanamh de chruinne na gCeilteach cá bhfios, b'fhéidir go mbeidh ár leithéidne in ann airgead a ghnóthú ag tabhairt seimineár faoin Hobad? Na rúndiamhra le nochtadh amháin trí mheán theanga andúchasach na gCeilteach?

    Dála an scéil, an é go bhfuil an dara ceann thuas ag marcaíocht ar thonn an Hobaid?

    ReplyDelete
  2. Gura fada buan teoiricí nua agus lón machnamh!

    ReplyDelete
  3. @ormondo Gan dabht, cé nach bhfuil ach tagairt ghairid do Tholkien sa réamhrá.

    ReplyDelete
  4. N'fheadar? Ní Ceiltíach mise ná staraí ach an oiread ach chuireann a bhfuil léite agam teoiricí Von Danikan I gcuimhne dom.

    ReplyDelete
  5. This looks interesting... Is it written in Irish or Welsh?

    ReplyDelete