26 Iúil 2013

searbhónta


Tosaigh le dhá bhriathar, servīre na Laidine agus fo·gní na Sean-Ghaeilge, pós le chéile iad, fan naoi mí agus céard a thiocfaigh amach? An t-arracht seo a leanas a bhí in úsáid againn go dtí gur cuireadh searbhónta a ionad.



Tá an stair beagáinín níos casta ná an míniú thuas, ar ndóigh, ach an rud is tábhachtach ná gurb ionann ciall do servīre agus fo·gníThug an briathar Laidine an t-ainmfhocal servant do na Francaigh i bhfad ó shin. Tháinig servant leis na hAngla-Normannaigh go hÉirinn mar ar bhuail sé le foirmeacha den bhriathar dúchasach fo·gní ar nós fognam / fónamh agus foganta / fónta. Cuireadh le chéile iad, et voilà. Dála an scéil, tá searbhfhoghantaidhe le fáil in FGB (Ó Dónaill) fós mar var.

3 comments:

  1. Meas tú, an bhfuil gaol ag "fo-gní" le "fo-ghníomhaí"?

    ReplyDelete
  2. Tá, ach ní go díreach, más “sub-agent / fóghníomhaire atá i gceist agat.

    Is ionann “gníomh” agus “gním” na SeanGhaeilge, ainmfhocal briathartha den bhriathar “gníid = déanann”.

    Tagann “déanann” ón mbriathar “do·gní”, ó “do + gníid”.

    ReplyDelete