31 Iúil 2013

sailéad simplí samhrúil



Na Príomhchomhábhair: 

pluma mór dearg
abhacád

An Modh:

Gearr ina bpíosaí sách mór iad.

An Blastán:

salann garbh (Maldon, m. sh.)
sú líoma
ola olóige
piobar (Cubeb sa chás seo)
&
ola olóige le blas líomóide uirthi
má tá sé agat

In oiriúint do vegans!


26 Iúil 2013

searbhónta


Tosaigh le dhá bhriathar, servīre na Laidine agus fo·gní na Sean-Ghaeilge, pós le chéile iad, fan naoi mí agus céard a thiocfaigh amach? An t-arracht seo a leanas a bhí in úsáid againn go dtí gur cuireadh searbhónta a ionad.



Tá an stair beagáinín níos casta ná an míniú thuas, ar ndóigh, ach an rud is tábhachtach ná gurb ionann ciall do servīre agus fo·gníThug an briathar Laidine an t-ainmfhocal servant do na Francaigh i bhfad ó shin. Tháinig servant leis na hAngla-Normannaigh go hÉirinn mar ar bhuail sé le foirmeacha den bhriathar dúchasach fo·gní ar nós fognam / fónamh agus foganta / fónta. Cuireadh le chéile iad, et voilà. Dála an scéil, tá searbhfhoghantaidhe le fáil in FGB (Ó Dónaill) fós mar var.

24 Iúil 2013

An Gairdín Gluaisteach


An Gairdín Gluaisteach, Samhradh 2013

  Cliceáil.

Le fírinne, níl sé ró-ghluaisteach ar chor ar bith. Ní féidir liom é a thiomáint áit ar bith!

22 Iúil 2013

níos gáirsiúla ó aois go haois



nad fess can cland na cenel duit

Go luath sa seanscéal Immram Curaigh Maíle Dúin (Iomramh Churach Mhaoil Dhúin), casann duine dá chomrádaithe óga a neamhdhlisteanacht le Maol Dúin; is é sin, nach bhfuil a fhios acu cé hiad a athair is a mháthair. 

Sa leagan is sine den scéal, atá le fáil in Leabhar na hUidhre (1673), deir a chomrádaí:

“Tussu,” ol se, “nad fess can cland ná cenél duit, 7 nicon fes mátair ná hathair…”

“Tusa,” ar seisean, “nach bhfuil a fhios cén chlann ná cineál duit, agus níl a fhios do mháthair ná d'athair…”

I leagan níos déanaí den scéal a tháinig anuas chugainn sa lámhscríbhinn Leabhar Buí Leacan (YBL), deir an lead céanna:

“Ale, a Mael Duin,” ar se, “tusu na fes can cland na cenel 7 na fes cia cu rod cumthusin for otrach…”

Tá sé seo an-chosúil leis an gcéad leagan, ach amháin go bhfuil an tarcaisne níos boirbe. Deir sé “níl a fhios cén cú a rug thú ar charn aoiligh”. 

Sa leagan is déanaí dá bhfuil againn den scéal, sa LS Harleian 5280, tá sé níos boirbe fós:

“na fes cia cu rot·chac for otrach” = “níl a fhios cén cú a chac thú ar charn aoiligh”

Bhí leagan eile den mhasla seo beo fós ar bhéal na ndaoine sa Ghaeltacht:

“Níl a fhios cén cú a chac é ná cén madra gearr a bhaist é (.i. a mhún air)!”

16 Iúil 2013

íseal le hard



Fuair mé an rann seo an lá cheana in Zeitschrift für Celtische Philologie, imleabhar 7, leathanach 268. Séard atá ann ná eagrán a rinne Kuno Meyer de rann a fuair seisean sa lámhscríbhinn B.iv.2 de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann, scríofa le Mícheál Ó Cléirigh sa chéad leath den 17ú haois.

Tá go maith. Tá na sonraí uilig agaibh. Anois, seo iad an bunleagan, leagan eile de i dteanga is litriú an lae inniu, agus aistriúchán Béarla:

Íssiol fri hard, ní bec búaidh;
slemoin fri garǔ caich ar n-úair;
intí diroindi samlaid,
bidh réidh riëm cech n-aimhréidh.

Íseal le hard, ní beag bua;
sleamhain le garbh cáich ar uair;
an té a rinne amhlaidh,
beidh réidh roimhe gach aimhréidh.

Lowly toward the high, no small virtue;
smooth to the rough of each in turn;
whoever does thus,
every difficulty he encounters will be easy.

Ach tá níos mó ann. Fuair mé amach go bhfuil an chéad leagan de na focail seo i bhfad níos sine ná a bhfuil againn thuas. Tá siad le fáil mar nóta imill i lámhscríbhinn Laidine ón 10ú haois ar a dtugtar Codex Bernensis. Seo iad ar bharr an leathanaigh (fol. 117a):


Agus seo mar a cuireadh i gcló iad in Thesaurus Palaeohibernicus, iml. 2, lch. 235:


Brigit dixit:
Isel fri art
tailciud fri gargg
cáith a uuair
cachóin dogéna samlid
bid reid riam cach n-amreid.

Íseal le hard
géilliúil le garg
cách ar uair;
gach aon a dhéanfaidh amhlaidh
beidh réidh roimhe gach aimhréidh.

14 Iúil 2013

Táimse i bponc.



Túsa indu-
lig a ribar



“Tú-sa i ndulig,” ar Ibar.

Tosaíonn an abairt seo ag deireadh líne amháin sa lámhscríbhinn agus críochnaíonn sí ar an gcéad líne eile, mar atá le feiceáil thuas. Dúirt an t-ara Iobhar an méid seo le Séadanta sa Mhacghníomhartha. “Tá mé i bponc” a déarfaí i nGaeilge an lae inniu.

Is ionann “dulig” agus “doiligh” (= deacair, dona), focal atá againn fós, ach in úsáid anseo mar ainmfhocal. Focal ar fhocal: “Tá mé in áit / i rud atá deacair,” nó “Tá mé i ndeacracht.”

Maidir leis an tsanasaíocht, tháinig “doiligh” ón rémhír do- (= nach féidir, atá an-deacair, dona) móide foirm den bhriathar “fo·long” (= fulaing). I bhfocail eile, ciallaíonn sé “deacair a fhulaingt”. (Má tá do-fhocal ann, is iondúil go mbíonn so-fhocal ann freisin, mar atá “suilig” sa chás seo. Níor mhair sé beo go dtí an lá inniu, go bhfios dom.)

Tá foirm eile den fhocal "doiligh" beo bríomhar i nGaeilge na hAlbain. Mar shampla: 

Tha mi duilich. = Tá brón orm.