02 Bealtaine 2013

cora cainte inmhalartaithe?




Sé chinn nó leathdhosaen?

Thug mé faoi dearadh go mbainim úsáid as na cora cainte seo leanas gan aon idirdhealú - nó gan idirdhealú ar bith - a dhéanamh orthu. Tá a fhios agam go bhfuil stair chanúnach taobh thiar de chuid acu, ach is ionann iad i mo chuid Gaeilge. Your mileage may vary. Ní lia duine ná barúil.

Is work in progress / obair idir lámha é seo!

Nua:

(níl / an bhfuil) aon X : X ar bith
ar an toirt : láithreach bonn
ar aon intinn : ar aon tuairim
ar dtús : ó thús
ar na mallaibh : le déanaí
cad mar gheall ar : céard faoi
d'ainneoin : in ainneoin
d'aon turas : d'aon ghnó : d'aon oghaim
de dhíth ar : ag teastáil ó : ó
den chuid is mó : ar an mórgóir
go bhfios dom : ar feadh m'eolais
go fóill : fós
go hiondúil : de ghnáth
in easnamh : ar iarraidh
in éineacht le : in éindí le
más buan mo chuimhne : más maith mo chuimhne
ó am go ham : ó am go chéile : anois is arís

Ach:

de dheasca ≠ de bharr

Tá aithne agam ar ph éirí eile (i gcónaí : i dtolamh, mar shampla) nach gcuirfidh mé ar an liosta toisc nach mbainim úsaid as ceann acu (i dtolamh sa chás seo) i mo chuid Gaeilge féin.  Séard atá sa liosta thuas ná péirí (nó níos mó) a bhfuil “ceann nó cláirseach” nó toss-up i gceist domsa.

6 comments:

  1. i mo chás féin, braitheann sé ar an ócáid agus cé tá sa chuideachta. Má tá mé sa bhaile, bainim úsáid as na leaganacha canúnach agam féin - go fóill/ar bith/tuigbheáil/dteachaidh srl. ach le daoine eile nó le daoine atá ag foghlaim (agus mé i mBÁC dom)úsáidim na foirmeach deisceartacha - fós/aon/tuiscint/ndeachaigh. cípla ceann ansin ar do liosta - go dtí seo - nach bhfuil canúnach, ar ndóigh!

    ReplyDelete
  2. Sea, tá a lán lán focal agam atá canúnach amach is amach (eireaball ~ ruball ~ drioball; freisin ~ fosta; madra ~ madadh) agus cloím leis an leagan FGB den chuid is mó ó nár tógadh le canúint ar bith mé.

    ReplyDelete
  3. De réir Uí Shiadhail, ag caint faoi Ghaeilge Chois Fharraige, "'Aon' 'any' is not as foreceful as 'ar bith' 'any at all' . . .'Aon' is confiend to negative sentences or questions; 'ar bith' can be used in a positive sentence of the sort: 'Bheadh duine ar bith sásta anseo.'" Caithfidh mé a rá gur minice a deirim "ar bith" ná "aon". Sin ráite, is féidir 'ar bith' a úsáid i leaganacha ar nós "Is tusa an t-athair is fearr ar bith" i gConamara--ní fhéadfaí "aon" a úsáid ansin ar chor ar bith!

    ReplyDelete
  4. @gasúir Tá "aon" & "ar bith" ar aon dul le "mórán" & "a lán" maidir le ceisteanna agus abairtí di últacha mar sin.

    ReplyDelete
  5. Tá muid chuid Gaeilge féin ar fud na háite! Agus, ar fud na bhfud..:-)

    ReplyDelete