18 Deireadh Fómhair 2012

Níl sé déanta as plaisteach!



Is cuma liom faoi ghábh is baol
chúns atá mo Bhúda maol
suite sona sásta ar mo dheais.

Ní bheidh scáth ná scanradh orm
chúns a bheas mo dhéithín gorm
liom go ceann an aistir is ar ais.

Tá mé saor ó bhuarthaí croí
toisc go bhfuil an firín groí
ag gáire liom gan staonadh ar an deais.


Nod libh: chúns = chomh fada agus

Éist leis anseo.

7 comments:

  1. An-deais.

    Dála an scéil: an Búdaí thú, a Dennis?

    ReplyDelete
  2. Fíor dheas.
    Cad as atá sé déanta?

    ReplyDelete
  3. Séad (jade, as British Columbia). Focal débhríoch atá ann, ar ndóigh, toisc go bhfuil “séad” eile againn a chiallaíonn “precious object”.

    ReplyDelete
  4. Faraor nach féidir liom amhrán a rá gan an fonn a chailleadh. Agus níl banjo agam.

    ReplyDelete
  5. Séad?

    Cad é do bharúil ar "Iú < yù 玉?

    ReplyDelete