02 Deireadh Fómhair 2012

Croí na Críonnachta


Tá mé tar éis Gaeilge a chur ar an sútra Sanscraite ar a dtugtar “Croí na Críonnachta Tarchéimnithí”.


rūpam eva śūnyatā
śūnyataiva rūpam

Nuair a bhí Avalokiteśvara ag gluaiseacht i ndoimhneacht na Críonnachta Tarchéimnithí bhreathnaigh sé síos. Chonaic sé cúig chomhbhall an duine, agus iad folamh agus gan téagar.

Anseo, a Mhic Sheáraí, is ionann cruth agus foilmhe, agus is ionann foilmhe agus cruth. Níl foilmhe scartha ó chruth. Níl cruth scartha ó fhoilmhe. Pé rud a bhfuil cruth ann, tá sé folamh. Pé rud atá folamh, tá cruth ann. Tá mothú, smaoineamh, toil, agus comhfhios folamh mar an gcéanna.

Anseo, a Mhic Sheáraí, tá na dúile uile folamh. Níl tús ná deireadh leo. Níl siad íon ná neamhíon, easnamhach ná foirfe.

I bhfoilmhe, a Mhic Sheáraí, níl cruth, mothú, smaoineamh, toil, ná comhfhios. Níl súil ná cluas, srón ná teanga, corp ná intinn. Níl cuma, fuaim, boladh, blas, tadhall, ná an rud a ngreamaíonn an intinn de. Níl réimeas an radhairc ann, suas go dtí réimeas na hintinne. Níl aineolas ann, ná deireadh aineolais. Níl meath is bás ann, ná deireadh le meath is bás. Níl crá, tús an chrá, ná deireadh an chrá ann, ná Conair na nOcht Rian. Níl Críonnacht Tarchéimnitheach í féin ann, ná gnothú ná neamhghnothú.

Dá bhrí sin, a Mhic Sheáraí, gach neach múscailte a théann i muinín na Críonnachta Tarchéimnithí, tá sé beo gan mhíthuiscint trína neamhghnothú. Toisc nach bhfuil míthuiscint ann, níl eagla air. Téann sé thar bhréige agus baineann sé nirbheána iomlán amach.

Dúisíonn Búdaí uile na dtrí aimsir go hiomlán i soilsiú nach bhfuil a sárú ann, ó tá siad i muinín na Críonnachta Tarchéimnithí.

Fógraítear mar sin mantra na Críonnachta Tarchéimnithí, an mantra gan sárú, an mantra a cheansaíonn gach crá, an fíormhantra gan chluain. Seo é an mantra a labhraíodh, GATE GATE PARAGATE PARASAMGATE BODHI SVAHA.

6 comments:

  1. Shariputra / Śāriputra, ach is ionann “putra” agus “mac”. Mac Sheáraí an Ghaeilge a chur mé air dá bhrí sin. Leantóir de chuid an Bhúda atá ann, sna seantéacsanna.

    ReplyDelete
  2. An raibh tú riamh i Leabharlann Chester Beatty i mBÁC, a Dennis? Bhíos ann le déanaí agus tá bailiúchán cuimsitheach de shean-téacsanna ann a bhaineann leis an gcreideamh agus a tháinig ó gach uile chearn den domhan. Tá seomra amháin sa leabharlann, roinnte ina trí chuid, ina insítear scéal an Bhúdachais/Hiondúchais, an Ioslaim agus na Críostaíochta, a chuaigh go mór i bhfeidhm orm. Scéalta atá an-chosúil lena chéile ar go leor bhealaí.

    ReplyDelete
  3. Ní raibh riamh. Ach is maith an rud é sin! Beidh mé in ann cuairt a thabhairt air den chéad uair an chéad turas eile. Rudaí nua le feiceáil!
    :-)

    ReplyDelete