18 Lúnasa 2012

An focal ceart?


Seo iad na focail:

1. cúr
2. sobal
3. uan
4. cúrán
5. coipeadh

Agus seo iad na pictiúir.  Cén focal (níos mó ná ceann amháin más maith leat) a chuirfeá le gach ceann acu? Abair liom, led thoil!


1.

2.



3.



4.



5.



6.

12 comments:

  1. Bhíos ag cúléisteacht le do chomhrá le Maitiú ar ball. Ní mór dom a admháil nach bhfuil ach sobal & cúr i m'fhoclóir gníomhach - agus is cúr a bheadh agam ar na pictiúr ar fad - cé gur sobal, dar liom, is cúis leis an gcúr i 2. Agus seans gur cáith seachas cúr atá i 5. Níl sé ina chúr dar liom go dtí go gcaitear suas ar an dtrá é nó é bheith ag snámh ar uisce ciúin.

    ReplyDelete
  2. Is suimiúil an rud é gur féidir “suds” a thabhairt ar bheoir (abhus anseo ar aon nós), mar thagairt mheafarach don chúr. Ach le fírinne, ní chloisim é sin go minic anois.

    ReplyDelete
  3. sin rud nár chuala riamh abhus. head a tugtar ar an gcúr ar bheoir.

    ReplyDelete
  4. Anseo freisin, agus ar fud an domhain is dócha. “Ceann” i nGaeilge?

    ReplyDelete
  5. Tá baint ag sobal le gallúnach, nach ea? (Mar sin sobal/2)

    Agus tá sé léite agam i leabhair le cainteoirí dúchais go raibh "cúr lena bhéal", nó a leithéíd. (Cúr/3)

    Deir An Foclóir Beag gur uanán cúr di. Cada úsáidtear sa ghnáthchaint, cúr?

    ReplyDelete
  6. Cf. freisin:

    Coipiuġaḋ, -iġṫe, m., fermentation ; the head or froth on malt, porter, etc. ; the lather on suds ; the froth of the sea.”

    http://glg.csisdmz.ul.ie/popup.php?lang=irish&numero=0227-coinn.png

    ReplyDelete
  7. Is ionann “coipiughadh / coipiú” agus “coipeadh” de réir FGB.

    ReplyDelete
  8. Chuir mé ceist ar an Dómhnallach, a Dennis, agus níl na focail 'uan' ná 'cúrán' aici go nádúrtha:

    1. Cúr
    2. Sobal
    3. Cúr
    4. Cúr
    5. Coipeadh
    6. Sobal

    Tá 'sobal' de dhéantús an duine, ceapaim, agus is féidir 'coipeadh' a úsáid, chomh maith, dá mbeadh fearg ar dhuine i.e. 'bhí sé ag coipeadh.'

    Shíl mé go raibh an trácht thuas curtha anseo agam ní ba luaithe, a Dennis, ach tá an diabhal 'word verification' sin chomh amscaí, níor oibrigh sé dom, is cosúil!

    ReplyDelete
  9. GRMA as an bpobalbhreith seo a chur ar an Domhnallach, bail ó dhia uirithi. Ní dóigh liom gur bhuail le “cúrán” riamh taobh amuigh den fhoclóir, agus is i bhfilíocht amháin a chonaic mé “uan”. Téann “coip” agus “uachtar” le chéile domsa!
    ;-)

    ReplyDelete
  10. 1 cúr
    2 cobal
    3 cúr
    4 coipeadh
    5 cúr/coipeadh
    6 cúr

    Sin a thabharfainnse, coipeadh le farraige, cúr le rud a táirgeadh a shamhlaímse e

    ReplyDelete
  11. “Kesh” atá ag na Manannaigh ar “suds, fizz, foam, scum, lather, froth”. Cad as don fhocal seo agus an bhfuil sé gaolmhar le focal ar bith i nGaeilge?

    ReplyDelete
  12. 1. Cúr
    2. Sobal
    3. Cúr
    4. Cúr
    5. Cúr
    6. Cúr

    ReplyDelete