14 Nollaig 2011

“Níl a fhios ag éinne ar an idirlíon...


... gur madra atá ionat.”


Tá gailearaí grianghrafanna ar Brain Pickings anois a thugann léargas úr dúinn ar an nath sin. Seo sampla amháin as.


Séard atá ann ná grianghrafanna de dhaoine atá ina ngéimirí ar an idirlíon in aice leis na híomhánna, nó avatars, a sheasann dóibh ar líne.

Caithfidh mé admháil go bhfuil mé dall ar fad ar dhá dhual suntasach de chultúr idirnáisiúnta an lae inniu, hip hop agus géimireacht, ach mar sin féin bhain mé an-sult as an gcnuasach íomhánna seo.

5 comments:

  1. iontach, a dúirt cara liom nuair a chuir mé chuige é.

    ReplyDelete
  2. Spéisiúil. Idir difríochtaí agus cosúlachtaí ann...

    ReplyDelete
  3. Cén tátal a bhainimd as: go bhfuil mórchuid na ndaoine sásta leo féin ach iad féin a bheith beagán claochlaithe?

    ReplyDelete
  4. Sea, is cosúil nach mbíonn éinne sásta leis an gcuma atá orthu, is cuma cé chomh dathúil is atá siad. Michael Jackson, mar shampla. Nó Bruce Jenner. Tá daoine ann a ndearnadh an iomarca - fada an iomarca - máinliacht phlaisteach orthu. Sin nó an iomarca tatúnna (i mo bharúil féin, ar ndóigh).

    ReplyDelete
  5. Maidir leis na tatúnna, tá siad i ngach áit anseo i gCaerdydd. Ní dóigh liom gur ceist áilleachta iad, ach, bhuel, níl a fhios agam, nós, stádas, aird?

    ReplyDelete