30 Nollaig 2011

Damhsa na bhFear Ceangail?


Ní rud úrnua an teoiric seo, a nocht ar Archaeology Ireland seacht mbliana ó shin, ach tháinig mé ar an scéal den chéad uair ar maidin. Le scéal gairid a dhéanamh de, tá ar a laghad duine amháin ann, innealtóir darb ainm Alan Nowell, a chreideann go bhfuil ceangal ann idir (A) an damhsa seo:

On the Manners and Customs of the Ancient Irish
le Eugene O'Curry

agus (B) na fir chrosfhite atá le feiceáil sna lámhscríbhinní, greanta i gcloch, teilgthe i miotal, agus mar sin de:



Tá níos mó léaráidí agus tuilleadh mínithe le fáil ar an suíomh seo.

3 comments:

  1. Cad is dóigh leat féin? An bhfuil aon fhianaise ann na damhsaí a bheith ann roimh na móitífeanna?

    ReplyDelete
  2. Níl, go bhfios dom. Ach ní cúis iontais é sin.

    ReplyDelete