23 Nollaig 2011

Ceart nó mícheart?



In med do connac ni fhacim 7 in med do cim
ni fhaiceb 7 in med do bi ni fhuil 7 in med ata
ni bia 7 in med bias ni beid. Anno do. m.ccccc
.xiii.

Cithruadh Mag Findghaill a bhreac síos an mhír seo i Leabhar Chlainne Suibhne sa bhliain 1513. Dúirt sé freisin nach raibh a bhean in ann an méid seo a thuiscint fós:

Ni maith tuicios Mor Ciar na focail si tís co foill.

Níl a fhios agam an eisean a chum na focail seo, nó cá bhfuair sé iad. Seo iad arís i litriú an lae inniu:

An méid a chonnac, ní fheicim; 7 an méid a chím
ní fheicfidh; 7 an méid a bhí, níl ; 7 an méid atá,
ní bhíonn; 7 an méid a bheas, ní bheidh. A.D. 1513

3 comments:

  1. Ach smaoiním agus mar sin mairim!

    Ní fheadar an raibh an teanga Ghaelach ag René Descartes a rugadh ag deireadh na cúigiú haoise déag. Má bhí, b'fhéidir go raibh na línte thuas léite aige agus go bhfuair sé an leid chinniúnach uathu. ;-)

    ReplyDelete
  2. Athrú atá i gceist ag mo dhuine, nach ea? Nó mar a dúirt Chuang Tzu i bhfad ó shin, “Téann saol an duine thart ar nós capaill ar cosa in airde, ag athrú ó nóiméad go nóiméad.” Ach sub specie aeternitatis an bhfuil an ceart ag ceachtar acu? Tá saoithe agus eolaithe ann a mhaíonn nach ann do am ar chor ar bith, nó nach dtéann sé thart mar a cheapann muid ar aon nós.

    ReplyDelete
  3. Síorathchóiriú damhna agus fuinnimh is ea a ghineann an t-am agus a choinníonn an saighead ama ag gluaiseacht, is dóigh liom. Go deo an meascán céanna ruda ach i riocht atá de shíor ag athrú.

    Seans, i ndeireadh an lae, nach ann ach d'aois nó d'aosú an duine.


    Dála an scéil, ar leibhéal na gcandam, nach ndeirtear gur cosúil nach ann don am? Is féidir cumraíocht a athrú agus í a fhreaschur arís sa chumraíocht ina raibh sí ar dtús gan gur féidir "stair an phróisis" a rianú.

    ReplyDelete