22 Nollaig 2011

Beannachtaí na Gréine!


Grianstad an Gheimhridh


Tá muidne sa “leath uachtarach” den talamh tar éis an oíche is faide den bhliain a chaitheamh. Cé nach mbeidh sé follasach ar dtús, beidh an lá ag dul chun síneadh as seo amach. Uair amháin eile, tá an bua ag Sol Invictus, An Ghrian Gan Chloí. (Dála an scéil, bhí breithlá an dé seo ar 25 Nollaig sa Róimh: Dies Natalis Solis Invicti.)

5 comments:

  1. An 25ú an ea? Suimiúil. Ar fáth éigin tá'n dáta sin suantasach ... ;-)

    ReplyDelete
  2. Aithris ar fhéile na críostaithe sa chás áirithe seo. Fianaise ann dó roimh cult sol

    ReplyDelete
  3. Sea, is cosúil go raibh an Saturnalia ann roimh cheachtar den dá chult eile.

    ReplyDelete
  4. Agus hanukka. Am nadúrtha do féile. Bíonn níos mó ná sraith amháin céille ann le deasghnátha

    ReplyDelete
  5. Is féidir míshuaimhneas na gcian-sinsear a thuiscint an tráth seo den bhliain agus an fáth ar chum siad na scéalta uile, mar atá chun misneach agus dóchas a thabhairt dóibh féin agus iad ag faire ar "fhillfeadh" na gréine.

    Hmmm... ritheann sé liom anois go mbíonn na Giúdaigh agus na Críostaithe ag faire ar ateacht freisin. An bhfuil ceangal éigin sa mhéid sin, nó móitíf chomónta?

    ReplyDelete