02 Deireadh Fómhair 2011

noda


NB: Níl an obair seo críochnaithe ná baol air! Chuir mé an liosta anseo le haghaidh na ndaoine ar Old-Irish-L atá ag plé an ábhair seo faoi láthair. Tá sé ar intinn againn liosta críochnaithe, le neart samplaí, a chur ar fáil ar an idirlíon. Níl sa mhéid seo ach tosú.

Is féidir cliceáil ar na híomhánna seo len iad a mhéadú. Cliceáil arís le méadú arís.




15 comments:

  1. Tá sé deacair aon difríocht a fheiscint idir 25. féin agus 26. for a fheiscint. An rud céanna le 33. ca agus 34. cath.

    ReplyDelete
  2. Is fíor duit. Níl aon difríocht ann. Tá níos mó ná scaoileadh amháin ag an dá ghiorrúchán sin. Is féidir go mbeidh orainn 25 agus 26 a chur mar shámplaí faoi 58, a bhfuil réimse mór úsáide aige. 17 agus 37 freisin.

    ReplyDelete
  3. An-deas, Dennis. Is dócha gurb iad sin na cinn is níos coitianta. Maidir le samplaí, ar chóir dom bailiúchán díobh ó na lámhscríbhinní a thosú?
    Ar an drochuair, is annamh a chuir mé foinse in aice le na nodaí i mo nótasa lámhscríofa féin.

    ReplyDelete
  4. Ba mhaith liom samplaí de chúpla ceann a fháil nach bhfuil chomh coitianta sin: 23, 24, 43, 46, 55, 56, 63. Más féidir leat aon cheann acu a aimsiú, breac síos ainm na LS, uimhir an leathanaigh, an colún a bhfuil sé ann, agus an áit sa cholún (barr, meán, bun) a bhfuil sé. Go raibh maith agat!

    ReplyDelete
  5. Maidir le uimhir a 56, feicim dhá shampla sa bhfocal 'Fergus' i 'Táin Bó Flidais'. Bailiúchán RIA, MS 23 O 48 imleabhar 1 (LFF)
    f26r an chéad cholún, ar líne 13 is 21.

    ReplyDelete
  6. Tá sampla de 46 ar an leathanach céanna, an chéad colún, líne 4 'docum Connacht'.

    Agus dhá shampla de 63 sa leathanach céanna sa dara colún, líne 9 is 10.
    Feicim 'attracht--' i líne 9.
    Agus i líne 10, feicim 'Pádraig'. Tá sampla eile de 56 i líne 11 thíos chomh maith. Ar an drochuair, níl transcription den lámhscríbhinn seo ar fáil agam.

    ReplyDelete
  7. Go raibh maith agat, Liz. Aimseoidh mé iad agus tógfaidh mé pictiúir díobh.

    ReplyDelete
  8. 'attracht--' i líne 9

    Tá an ceann seo an-deas toisc go bhfuil 55 ann freisin:

    attrachtadur

    ReplyDelete
  9. Chonaic mé é, ach ní raibh mé cinnte den 55 ansin. GRMA

    Sampla níos deise de 'trá' agam -- RIA MS 23E 25 LU L. 77 céad cholún ar line 20. Agus sampla eile agus cuma difriúil air i líne 1 sa leathanach céanna 'atraig'.

    ReplyDelete
  10. Bhí 55 in úsaid ag an bhfear a scríobh Leabhar Fhear Maighe. Níl riocht an leabhar ro-mhaith, ach tá an cinn seo soléite.
    Féach ar RIA MS 23 E29 L. 131 céad cholún. Tá 'Murchertaig' i líne 2 agus ''tancadur'' i líne 18.
    Dála an scéil, ní fheicim 'ss' i measc na noda thuas agus ceapaim go raibh sé coitianta.

    ReplyDelete
  11. Is breá liom iad seo, cé nach bhfuil eolas ar bith agam ar an ábhar. Feictear dom go bhfuil 'amh' (uimhir 5) cosúil le bean ag rith.

    ReplyDelete
  12. Fuair mé an dá “ur”, go raibh maith agat!

    An bhfuil sampla maith agat de “ss”?

    ReplyDelete
  13. RIA MS 23 E 25 LU, L. 20 colún a haon. Tá sampla deas de 'ass' ar líne 12. Sampla de 'friss' ar líne 15.
    Is maith liom an 'ts' i 'tsluaig' sa dara colún ar líne 21. An bhfuil suim agat i 'ti' chomh maith? Gheobhaidh mé sampla duit de má tá gá ann.
    Nílim in ann an 'cu' a fháil fós. Ní raibh an ceann sin in úsaid i Leabhar Laighean nó i Lebor na hUidhre, go bhfios dom. Caithfimid scríobhaí a aimsiú a raibh an 'cu' sin i measc a uirlisí.
    Cá bhfuil na scéalta faoi Chuchulainn, seachas sna dá leabhar sin? An bhfuil a fhios ag duine ar bith?

    ReplyDelete
  14. Sampla de 'friss' ar líne 15.

    Is aisteach an comhartha atá os cionn an ‘f’ san fhocal sin!

    ReplyDelete