11 Deireadh Fómhair 2011

leabhar nua don scríbhneoir



“... mar a déarfá”
Cnuasach Clíséanna
ciútaí cainte agus frásaí coitianta eile

le
Sean Mac Cionnaith
Coiscéim
2011

Tháinig an leabhar tagartha nua seo sa phost tráthnóna inniu. Tá mé díreach tar éis flipeáil tríd. Tig liom a rá libh nár chuir mé mo chuid airgid amú air. Tá sé mór, cuimsitheach, agus tá an leagan amach an-soiléir agus an-éasca a úsáid.

Seo trí shampla as:

BUNGLE
matters: you bungled matters loisc tú do ghual is ní dhearna tú do ghoradh

KISS
ground: he kisses the very ground she walks on pógann sé lorg a bonnaí sa talamh

RIGHT
hand: my right-hand man mo ghiolla ghualainne

Tá an chéad cheann le fáil in Díolaim d'Abairtí Dúchasacha freisin. Is úsáideach an leabhar é sin, gan dabht, ach tá an ceann nua seo níos mó.

Is féidir gur tháinig an dara ceann isteach ón teanga eile, ach is deas an leagan Gaeilge é seo. Ní lomaistriúchán focal-ar-fhocal ar an mBéarla é.

Thaitin an tríú ceann go mór liom. Ach ní thuigim cén fáth ar séimhíodh “gualainne”. Botún cló nó eile?

Mholfainn dóibh siúd a scríobhann an Ghaeilge go minic (idir bhlagadóirí agus eile) “... mar a déarfá” a chur lena gcuid gléasanna scríbhneoireachta.

4 comments:

  1. @ Mholfainn dóibh siúd a scríobhann an Ghaeilge go minic (idir bhlagadóirí agus eile) “... mar a déarfá” a chur lena gcuid gléasanna scríbhneoireachta.

    Déanfaidh mise amhlaidh..:-)

    ReplyDelete
  2. Ar chuir tú aithne ar mo dhuine riamh? Feicim go bhfuil cónaí air i nDoire.

    ReplyDelete
  3. GRMA as an moladh. Tá an dá eagrán de Dhíolaim d'Abairtí Dúchasacha agam cheana féin.

    Tugann a bhfuil corntha suas sna cora cainte úd léargas ar mhodh smaoinimh na nGael san am atá thart.

    ReplyDelete
  4. duine deas é, duine uasal. ar ollscoil in éineacht liom fada fada fada ó shin! Gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil an leabhar seo pléisiúrtha le léamh agus acmhainn an ghrinn le sonrú ann. Phew...

    ReplyDelete