30 Deireadh Fómhair 2011

An iasc é sin i do chluais?


Uaireanta is deacair liom leabhar nua - an ceannn ceart ag an am seo den bhliain agus de mo shaol féin, an ceann a mbeidh spéis agam ann ó thús deireadh - leabhar mar sin a fháil. Déarfainn i mBéarla go mbím thar a bheith choosy ag amanna mar seo: deacair a shásamh. Níl a fhios agam an bhfuil focal mar sin againn i nGaeilge. Ní hionann choosy agus éisealach i gcúrsaí leabhar, agus ní hionann doshásta agus hard to please.

Pé scéal é, tháinig gliondar ar mo chroí ar maidin nuair a léigh mé an Sunday Book Review de chuid an New York Times. Níl a fhios agam fós an é seo an leabhar ceart, ach más iontaofa an léirmheas seo, is féidir gurb é seo é:


Tá sé deacair, beagnach dodhéanta, a bheith i do Ghaeilgeoir san aois seo gan a bheith id aistritheoir chomh maith. Tá muid beo in - nó idir - dhá theanga, agus is dhá theanga iad atá an-difriúil lena chéile ina lán dóigheanna. Mar sin, tá súil agam go mbeidh spéis agam sa leabhar nua seo, ó thús deireadh - toisc go mbeidh idir fhoghlaim agus shiamsa ann. Tá muid beo i ndóchas. Ach beidh barúil agam go luath. Tá mé díreach tar éis sampla den r-leabhar a íoslódáil saor in aisce ó Amazon.

5 comments:

  1. Ó! Iasc i do bhéal, a dhuine


    Fearn

    ReplyDelete
  2. Tig leis an duine a chaitheann niqab ar an idirlíon a rogha rud a rá.

    ReplyDelete
  3. An bhfuil tú ag déanamh folach bíog liom?


    Fearn

    ReplyDelete
  4. Beidh mé ag súil le do léirmheas ar an leabhar.

    ReplyDelete
  5. @ Ormondo

    Tá sé á léamh agam anois. Tig liom a rá, ag an bpointe seo, go bhfuil sé suimiúil, agus greannmhar ó am go ham. Ní bhfuair mé aon taispeánadh ann fós, ach tá trí cheathrú den leabhar le léabh agam fós.
    ;-)

    ReplyDelete