04 Deireadh Fómhair 2011

H(?) + 4 nod



Seo focal, nó focail, as an lámhscríbhinn RIA B ii 1, leathanach 14 ag bun an cholúin ar an láimh dheas. Is cosúil go dtosaíonn sé leis an gceannlitir H, agus ina dhiaidh sin níl ann ach noda nó giorrúcháin, ceithre cheann acu! Níl a fhios agam beo céard is brí leis.

3 comments:

  1. An fuascailt: nó leathan nó gearr

    Is ionann an nod ‘l’ le líne tríd agus an focal “nó”.
    Ansin tá an litir simplí ‘l’ ann.
    Ansin is ionann 7 le ponc os a chionn agus “(a)eth”.
    Is ionann an guta ‘a’ le líne os a chionn agus ‘an’.
    Ansin tá “nó” eile ann.
    Faoi dheireadh is ionann an “lasair dhúbailte” os cionn an ‘g’ agus ‘e(a)rr’: gearr.

    ReplyDelete