11 Lúnasa 2011

drochbholadh na hanála



[D]on galar bel andso 7 do droch baladh na hanala .i. crimh do cognam 7 a congbail andsa mbel 7 foiridh an galar bel.

Don ghalar béil anseo agus do drochbholadh na hanála: creamh a chogaint agus a choinneáil sa bhéal agus fóireann (sé sin) an galar béil.

Tá spás mór sa lámhscríbhinn roimh an chéad fhocal le haghaidh na litreach “D” ach níor cuireadh an ceannlitir ornáideach ann ina dhiaidh sin.

Chuir an t-oideas seo ionadh orm: creamh (Allium ursinum .i. gairleog fhiáin) mar chosaint in aghaidh drochanánala! Seo iad na rudaí eile a mholtar ar an leathanach céanna “don galar bel 7 do drochbaladh na hanala”:

sugh cruaiche padricc = sú Chuach Phádraig .i. Plantago major

cama.m. Níl mé cinnte den litriú seo:



Aguisín: nó “cania .iii.” ? Féach na nótaí thíos.

cuirfhedan = ?

cainel 7 caruaidh do cur 7 aol 7 calmaighidh an dileaghadh 7 doní anal maith

cainéal & cearbhas a chur & aol, agus neartaíonn sé an díleá & déanann sé anáil mhaith

9 comments:

  1. ní chreidim gur "cama.m" é. is fearr "cania .iii. (= trí)" a léamh. David

    ReplyDelete
  2. Feicim anois é. Ach céard is ciall le “cania”?

    ReplyDelete
  3. Bhuel is dócha go bhfuil boladh gairleoige níos fearr ná boladh bréan an lobhadh!

    ReplyDelete
  4. Féach:
    http://www.perseus.tufts.edu/hopper/text?doc=Perseus%3Atext%3A1999.04.0059%3Aentry%3Dcania

    ReplyDelete
  5. Más é sin an planda atá i gceist, céard is ciall leis an uimhir 3?

    An mbeifeá féin sásta neantóg a chur i do bhéal ar mhaith le d'anáil?
    :-)

    ReplyDelete
  6. > Más é sin an planda atá i gceist, céard is ciall leis an uimhir 3?

    Trí duille nó trí bláth?`Níl a fhios agam... An bhfuil tuilleadh comhtheacs ann?

    > An mbeifeá féin sásta neantóg a chur i do bhéal ar mhaith le d'anáil?

    Ithim mórán tae, ní gá dom drugaí mar sin a úsáid :-)

    David

    ReplyDelete
  7. Tá mo bhean ag ól tae neantóige & finéal de rogha ar thae dhubh faoi láthair. Bhí anraith bhlasta neantóige agam uair nó dhó freisin. Is féidir an cealg a sheachaint!

    ReplyDelete
  8. Cama?


    Ní hea! Creidim gur "cassia" atá ann, lus nach raibh fáil air in Éirinn. ( B'fhéidir nach raibh fhios ag an scríobhaí ach an oiread cad a bhí ann ). Ní léir dom Gaeilge air, ach Senna sa bhéarla.

    Bíonn éifeacht ag an lus seo ar na putóga agus moltar é do dhrochanáil fosta.

    Cad é an lámhscríbhinn as a bhfuil tú ag taraingt? Aistriúchán ón Laidin/Béarla?
    Cé a rinne teanga de?

    Is fad an lá ó léigh mé Fealsúnacht Aoidh Uí Dhomhnaill(?) a raibh an t-abhar chéanna idir lámha aige.


    Fearn

    ReplyDelete
  9. Fealsúnacht Aoidh Uí Dhomhnaill(?)

    Fealsúnacht Aoidh Mhic Dhomhnaill(?), b'fhéidir!


    Fearn

    ReplyDelete