20 Lúnasa 2011

Chuir Zeus an Pápa ina thost.


ISTIC EST IS IUPITER QUEM DICO
QUEM GRAECI VOCANT AEREM
QUI VENTUS EST ET NUBES
IMBER POSTEA


Is é seo Iupiter atá mé a rá
a dtugann Gréagaigh aer air
atá ina ghaoth is ina scamaill
agus ansin ina bháisteach.


(Reuters) Thug greadadh báistí ar an bPápa éirí as óráit a bhí le tabhairt aige do na céadta míle daoine óga a bhí bailithe le chéile ag aeradróm lasmuigh de Mhaidrid Dé Sathairn.


6 comments:

  1. An é seo an Séús chéanna a dhorcaigh spéir bhás Cheannaire an Phápa?



    Fearn

    ReplyDelete
  2. Más mian leat. Daoine a chumann na miotais seo, agus is duine thú.

    ReplyDelete
  3. "is duine thú."

    Muise, bheadh sé doiligh domh a shéanadh :-)


    Fearn

    ReplyDelete
  4. Miotas eile cumtha ag Reuters! Níor éirigh sé as an óráid, d'fhan sé go dtí gur ghlan an aimsir agus lean air. Bhí giorrú éigin ann cinnte san Bhigil.

    Cad as a dtáinig an tagairt s'agatsa dála an scéil? Píosa deas. (An filíocht atá i gceist agam)

    ReplyDelete
  5. Blúire de dhán atá ann atá le fáil in De Lingua Latina, Liber V, le Varro.

    ReplyDelete