09 Nollaig 2010

trí rud marbh


Cliceáil le méadú.

9 comments:

  1. Feicimse dhá rud marbh agus rud neamhbheo!

    ReplyDelete
  2. Dhá rud... agus an t-úrlár? Trí rud?

    ReplyDelete
  3. Beachtaíocht! “Nature morte” a bhí ar intinn agam nuair a scríobh mé é sin. “Ábhar neamhbheo” an Ghaeilge air sin.

    ReplyDelete
  4. Ar ndóigh tá duilleog againn a bhí beo tráth, agus píosa de chrann. Má fhéachann duine ar an gcarraig go grinn, feicfidh sé go bhfuil iontaisí inti, nó sin a mheasaim féin.

    ReplyDelete
  5. feicfidh sé go bhfuil iontaisí inti, nó sin a mheasaim féin

    Tá píosaí cloiche agam a bhfuil iontaisí iontu, a Sheáin, ach ní dóigh liom go bhfuil aon rud mar sin fágtha sa chanta basalt seo, ós rud é gur tháinig sé as broinn na talún i riocht laibhe. Is fíor d'Aonghus is d'Áine: ní raibh sé beo riamh. Ach... an gá go bhfaigheann rud éigin bás ar dtús le go mbeidh sé marbh?

    ReplyDelete
  6. In ndiaidh dom an méid thuas a scríobh rith sé liom go bhfuil an cloch sin chomh marbh le hart.

    Déanaim séanadh mar sin!

    ReplyDelete
  7. @ ' an gá go bhfaigheann rud éigin bás ar dtús le go mbeidh sé marbh?'

    Ó, a Dhaidín go deo, a Dennis! Tá sé róluath ar maidin le machnamh ceart a dhéanamh ar do cheist, agus níl mo chaife ólta fós agam, ach cheapfainn féin go raibh/bhfuil beatha, de shaghas, ag chuile ní - a fuinneamh beo féin ag an gcloch, fiú.

    ReplyDelete