14 Nollaig 2010

an teoiric



... Cred is fidar
and do litir. ní hansa. tairring
sothuicsinach do·nither
ar in meamram ...

Cad is fíor ann do litir?
Ní hansa: tarraingt shothuigthe
a dhéantar ar an meamram.



Maith go leor. Cén litir í seo?

Tá an sliocht seo thuas as tráchtas gairid ar an aibítir in Leabhar Leacain (f. 166r), a scríobhadh idir 1397 agus 1418.

Nóta sanasaíochta: figura (Laidin) > figar (Sean-Ghaeilge) > figar / fidar (Meán-Ghaeilge) > fioghar (Nua-Ghaeilge Chlasaiceach) > fíor

6 comments:

  1. 'a' ??

    Sa sliocht seo thuas, tá an 'c' in '-ach' suimiúil, dar liiomsa.

    ReplyDelete
  2. Tá straois ar Chaoimhín toisc gurb eisean a chuir an tráchtas seo ar mo shúile dom.

    Agatsa, a Liz; 'a' atá ann. Is minic a úsáideann an scríobhaí an 'a' seo ag deireadh na líne, nuair nach dtagann litir eile ina dhiaidh. Aontaím leat faoin 'c' thuas.

    ReplyDelete
  3. A Dhonncha,
    Fuair tú ní hansa (= easca a fhreagairt ??) as ní·
    An ionann an ponc siúd agus 'hansa' ?

    Lorcán.

    ReplyDelete
  4. Nod is ea .nī. (ponc + n + i + líne os cionn i + ponc) a sheasann - ina iomláine - do “ní hansa”. Baintear úsáid as an líne sin, an stríoc ghiorrúcháin / suspension mark, go minic sna lámhscríbhinní le taispeáint nár scríobhadh cuid den fhocal.

    ReplyDelete