11 Nollaig 2010

Tá créatúr...


... ó dhiminsean eile ag faire na faille orainn!


Táid ann a deir nach ann do Ceiling Cat, nach bhfuil ann ach miotas ársa. Nach mór an t-ionadh a bheas orthu nuair a mhothaíonn siad a chrúcaí iontu!

11 comments:

  1. Idir an cat mara agus an cat spéire, táimid i ngaiste.

    ReplyDelete
  2. Tá tré ag teastál: an Cat Mara, an Cat Spéire, agus Rí na gCat (.i. írusán).

    ReplyDelete
  3. Cat nárbh eol dom a bheith ann.

    Bhí Luchtighearna ann leis.

    Cine clúmhach, crúbach, críonna!

    ReplyDelete
  4. Creid é nó ná creid, níor chuala mé ar Ceiling Cat go dtí gur léigh mé an bhlagmhír seo uait, a Dennis. Beidh mé ag faire amach, nó suas, dó as seo amach!

    ReplyDelete
  5. Ní bhfuair mé cat darbh ainm Luchtighearna, ach fuair mé ab darbh ainm Luchtigerna (an litrirú Sean-Ghaeilge) a raibh cónaí air in Inis Díomáin.

    Ach deirtear go raibh an cat ollmhór Írusán ina chónaí in Uaimh Chnóbha.

    ReplyDelete
  6. Bhí Luchtigerna luaite le uaimh freisin: Dearc Fhearna.

    ReplyDelete
  7. Fuair mé an rann seo sa Leabhar Laighneach:

    Ra chonaig in Ruadchallig,
    ros báid for lár na Berba;
    ro saltair forin Luchthigern
    i ndorus Derci Ferna.


    Choinnigh siad an Ruachailleach
    bháigh siad i lár na Bearbha í;
    shatail siad ar an Luchthiarna
    i ndoras Dearca Fearna.

    ReplyDelete
  8. Ar dhein tú an íomhá thuas? Tá sé ar fheabhas!

    ReplyDelete
  9. Ní rinne. Fuair mé ó Íomhá Google í.

    ReplyDelete
  10. Nach é tírdhreach leadránach Windows atá dá pholladh ag an gcat? Luch Tiarna de shaghas eile, is léir.

    ReplyDelete
  11. Sin cosúil le radharc as an scannán "The Truman Show"

    ReplyDelete