17 Nollaig 2010

recte


Focal Laidine a chiallaíonn “go ceart” is ea “recte”. Baintear úsáid as roimh cheartúcháin: ainm, dáta, nó fíric eile atá mícheart. Bainim féin úsáid (ró-úsáid?) as le mílitriú, dearmad cló nó mionbhotún gramadaí a shonrú. Is focal idirnáisiúnta é, cosúil leis na focail “nota bene (N.B.)”.

Is féidir linn “nod leat” a scríobh in áit “N.B.”. Shíl mé riamh go mbeadh sé go deas dá mbeadh leagan Gaeilge de “recte” ar fáil freisin. Is dóigh liom go bhfuair mé an focal atá ag teastáil.


COCART
/kogǝrt/

Tá an focal seo, scríofa in ogham, le feiceáil ar chúpla leathanach de lámhscríbhinn Laidine atá breac le nótaí i nGaeilge a scríobhadh sna blianta 850-851. Is ainm briathartha é, ón mbriathar “con·certa = ceartaíonn”. Ciallaíonn sé “ceartú, ceartúchán”. Tá an focal “coigeartú” againn fós. Tá sé ar intinn agam “coigeartú” a úsáid in ionad “recte” as seo amach.

10 comments:

  1. Bainim úsáid as "Nod Leat" go han-mhinic na laethanta seo de bharr do bhlagmhíre.
    Beidh sé amhlaidh le coigeartú feasta. Grma.

    Tá an tOgham sin go hiontach ar fad. An rud coitianta é go bhfuil sé scríofa ar a thaobh?

    ReplyDelete
  2. Aontaím leis an dá mholadh sin uait, a Dennis!

    ReplyDelete
  3. D'úsáidfainn féin 'tabhair faoi deara' (nó fé ndeara!) agus 'ceartaithe'

    ReplyDelete
  4. Beidh mé á úsáid freisin :)

    ReplyDelete
  5. An rud coitianta é go bhfuil sé scríofa ar a thaobh?

    Bíonn an droim (stemline i mBéarla) ar a thaobh de ghnáth nuair a scríobhtar le peann ar phár é. Uaireanta bíonn ceann saighde ann, mar atá le feiceáil thuas, le treo na léitheoireachta a thaispeáint.

    ReplyDelete
  6. coigeartú: Nach mbeadh coigeartaithe níos cruinne agus tú do do cheartú fhéin?

    Maith agat as an bhfocal!

    ReplyDelete
  7. Nach mbeadh coigeartaithe níos cruinne agus tú do do cheartú fhéin?

    1) Tá an focal sin ró-fhada. Déanta na fírinne, ba mhaith liom “coigeart” a úsáid in ionad “coigeartú”, bíodh is nach bhfuil sé san fhoclóir níos mó.

    2) Ainm briathartha is ea “cocart / coiceart”. Ba mhaith liom cloí leis an bhfoirm sin.

    ReplyDelete
  8. Mar sin: slán le recte agus fáilte roimh choigeartú!

    GRMA as an réamh-obair.

    ReplyDelete