02 Nollaig 2010

fuacht in Éirinn


mar uar dom
= mórfhuacht dom
= tá fuacht mór orm

D'fhág scoláire Éireannach an nóta seo ar imeall uachtarach leabhair a scríobhadh circa 850 AD. (Ní raibh téamh lárnach, ná téamh domhanda, acu sa bhliain sin.)

9 comments:

  1. Agus más fíor is a) an téamh domhanda nó b) easpa spotaí ar an nGrian is cionsiocair leis an aimsir a bhfuil muid ag streachailt leis abhus.

    Tá téamh lárnach againn, ach níl teasdíonadh an tí seo thar moladh aonair, gan trácht ar bheirt.

    Ar a laghad bhí deis againn fuinneoga gloine dúbailte a chuir isteach más go daor a bheimid ag íoc as...

    ReplyDelete
  2. Shíl mise gur thug na diabhail Sasanaigh an fhuacht isteach go hÉirinn!

    Tá tú ag milleadh mo chroí saonta, a Dhe'n Fhios. ;-)


    Fearn

    ReplyDelete
  3. B'fhéidir go gcuirfidh an forthéamh domhanda moill ar an gcéad oighearaois eile! Cá bhfios?

    Nó b'fhéidir nach gcuirfidh...

    ReplyDelete
  4. Bhí mo dhuine beo roimh an Medieval Warm Period (MWP), cibé Gaeilge atá air sin, nár thosaigh go dtí an bhliain 950.

    ReplyDelete
  5. Ar dhúirt sé aon rud eile? Cé chomh fuar is a bhí sé?

    Mar shampla, sa mhionoighearaois, 1550 - 1700, cibé béarla atá ar sin, luadh gur reodh féasóg Rí na Fraince ina chodladh dó ag tús an 17ú hAois.

    Ar luaigh sé reodh fhéasóg Phangair Bháin, nó aon rud?

    Fearn

    ReplyDelete
  6. Bhreac sé síos líne eile ag an am céanna, “bendacht for anmmain ferguso. amen”, ach sin an méid.

    ReplyDelete
  7. Beannacht le anam Feargusa?

    Seans go bhfuair an fear bocht bás le fuacht? nó gur chuir bás a charaid fuacht faoi anam an scríobhaí?

    Mo phaidir leis!

    Dáinín Zen cinnte!

    Beir bua


    Fearn

    ReplyDelete
  8. Dáinín Zen cinnte!

    Mar seo?

    Bendacht
    for anmmain
    Ferguso.
    Amen.
    Mar uar dom.

    ReplyDelete
  9. D'fhágfainn an t-aiméan as!


    Fearn

    ReplyDelete