19 Nollaig 2010

an dá sholas



Seo pictiúr a thóg mé ar maidin toisc gur thaitin solas na maidne liom. Husky Stadium de chuid Ollscoil Washington atá ar an taobh thall den uisce. Tig leat an íomhá a mhéadú, mar is iondúil.



Seo é an radharc céanna idir sholas an lae agus na hoíche. Thóg mé an ceann seo mí ó shin.

11 comments:

  1. Tá na pictiúir an-deas, a Dennis.

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat. Tá áthas an domhain orm nach mbeidh Nollaig Bhán againn anseo!!

    ReplyDelete
  3. Tá ealaín an nádúir go hálainn, gan dabht.:-)

    ReplyDelete
  4. An dóigh leat gur cuid den ealaín chéanna an staid?

    ReplyDelete
  5. Nílim cinnte gur cuid den ealaín í an staid.
    Ach táim fiosrach -- nuair a bhí mé i mo mhac léinn i Madison b'fhéidir linn torann lucht féachana na staide a chloisint inár
    n-árasán nuair a bhí cluiche ar siúl.
    An bhfuil an staid gleomhar mar sin?

    ReplyDelete
  6. Cloisimid gárthach an tslua le linn na gcluichí san fhómhar, agus is léir go bhfuil tráchtaire ag caint ar an gcallaire ach ní féidir liom a chuid focal a thuiscint anseo sa teach ná amuigh ar an deic ach oiread.

    ReplyDelete
  7. Go hálainn. Go raibh maith agat.

    ReplyDelete
  8. Ó, agus tá an t-ádh libh. Beidh saothar ar mise agus mo chailín ag iarraidh ag dhul a bhaile um Nollaig i mbliana mar gheall ar an sneachta.

    ReplyDelete
  9. @ 'An dóigh leat gur cuid den ealaín chéanna an staid'

    Ní raibh baint ar bith ag an nádúr leis an staid sin...:-)

    ReplyDelete
  10. Ní raibh baint ar bith ag an nádúr leis an staid sin.

    Ach thóg daoine an staid agus is cuid nádúrtha den saol muid. Ergo...

    ReplyDelete