28 Nollaig 2010

bíseanna (quiz)


Babhla ón gCultúr Mimbres
Arizona, 1000-1130 AD
Músaem Peabody, Harvard


Cuid de Leathanach as Leabhar Dharú
Éire, 7ú hAois AD
Coláiste na Tríonóide, BÁC

Tá bíseanna le feiceáil ar an dá sheoid seo, ach ní hionann iad go hiomlán. Tá difríocht shunasach eatarthu, difríocht atá fréamhaithe go domhain sa dá chultúr. An aithníonn tú í?

9 comments:

  1. Tá bíseanna idir dheiseal agus thuathal le feiceáil sa cheann Éireannach, ach is deiseal amháin atá sa cheann eile. An é sin a bhí i gceist agat?

    ReplyDelete
  2. Treánna ag na Gael áit go bhfuil ceithre cinn ag an dream eile

    ReplyDelete
  3. Sin é, a Aonghuis. Bhí (agus tá) tréanna ag na Gaeil (agus ag na Ceiltigh, na hEorpaigh, na hInd-Eorpaigh). Trí uimhir na cumhachta dúinne. Ach i measc na Hopi, na Zuñi, na Zia, agus na ndaoine eile atá dúchasach don American Southwest, is é a ceathair uimhir na cumhachta. Tá tosaíocht na huimhreach seo le feiceáil fós ar bhratach New Mexico.

    ReplyDelete
  4. Cad iad na ceithre dualgais naofa a dtagraítear dóibh ann?

    ReplyDelete
  5. Feicim an ghrian i lár na mbíseanna Mimbres, ach ní fheicimse í sna cinn Éireannacha.
    Bíonn an ghrian neartmhar sa spéir in Arizona beagnach i gcónaí, ach níl sí chomh neartmhar sin in Éirinn.

    ReplyDelete
  6. Cad iad na ceithre dualgais naofa a dtagraítear dóibh ann?

    An quiz eile é seo? Tá an freagra anseo, faoi “The Sun Symbol”.

    Trí dhualgas a bhí ag na Fianna, ar ndóigh: “Neart inár lámha, fírinne ar ár dteanga, glaine inár gcroí.”

    ReplyDelete
  7. Gaolmhar mar sin

    Colainn láidir
    Intinn léir
    Anam íon
    Cúram do chách

    ReplyDelete
  8. San aois sin as a bhfuil an mhias sin, i lár Mheiriceá, bhí cathair mhór ann. Tá alt suimiúil faoi sa National Geographic an mhí seo. MED.

    ReplyDelete