04 Nollaig 2010

bandéithe



An t-aos seachanta, nó untouchables, a thugtaí orthu tráth den saol. Harijan (clann Dé) a thug Mahatma Gandhi orthu. Dalit दलित a thugann siad orthu féin. Scheduled castes and scheduled tribes an t-ainm oifigiúil atá orthu.

Tá an chuid is mó acu bocht. Is minic a imrítear leithcheal orthu. Ní fhaigheann ach céatadán an-bheag díobh ardoideachas. Tá ceannairí ina measc anois atá ag rá leo gurb é máistreacht an Bhéarla an dóigh is fearr le droim láimhe a thabhairt don chóras agus do na traidisiúin atá á gcoinneáil faoi chois. (Is ionann Béarla agus saoirse ó bhochtaineacht: ní scéal nua dúinn é seo.)

Le cruth is craiceann a chur ar an teagasc seo, chruthaigh siad bandia nua, Bandia an Bhéarla, agus táid ag tógáil teampaill di in Uttar Pradesh.


Íomhá beag, nó lámhdhia, de Bhandia an Bhéarla.



Dá mbeadh Bandia na Gaeilge ann,
cén cruth a bheadh uirthi?

7 comments:

  1. Cad iad na siombail atá ag dul le Bé an Bhéarla? Peann, leabhar agus cad atá ar a hata?

    Deacair smaoineamh ar malairt chuma do Bandia na Gaeilge, más an teanga mar tinfeadh atá i gceist.

    ReplyDelete
  2. Cad é an rós, dála an scéal, ag a cosa?

    ReplyDelete
  3. Ní rós é ach an Ashokachakra / aśokacakra, leagan den dharmacakra atá le feiceáil ar bhratach na hIndia.

    ReplyDelete
  4. Tá meathchuimhne agam gur tuirne atá i gceist ansin, ach go bhfuil siombalachas sa bhreis i gceist. Nó an bhfuilim ar strae? Is beag m'eolas ar an Ind.

    ReplyDelete
  5. Is íocón Búdaíoch ó thús é an dharma-cakra = roth an dharma (focal ilchiallach: dlí, teagasc, etc. etc.). Deirtear gur chuir an Búda “roth an dharma” ag gluaiseacht nuair a mhínigh sé an dharma den chéad uair.

    Tá roth de shaghas eile, an tuirne, le feiceáil ar bhratach an Chongress Party, mar bhí dlúthbhaint idir an tuirne agus Gandhi.

    ReplyDelete
  6. Deacair smaoineamh ar malairt chuma do Bandia na Gaeilge, más an teanga mar tinfeadh atá i gceist.

    Mmmmm.... sheila-na-gig agus rois focal ag teacht as a béal eile...?

    ReplyDelete
  7. Bhuel, tá mistéir (agus cumhacht?) ag baint léi, ar scor ar bith. Is dócha go mbeadh bandía triarach níos fearr fós. Sea, bandia triarach a labhraíonn i dtréanna.

    ReplyDelete