16 Nollaig 2010

‘á’ aisteach


Cliceáil le méadú.

An aithníonn éinne an litir (?) a sheasann in áit ‘á’ nó ‘à’ sa teideal thuas? Taitníonn sí liom ach níl a fhios agam beo cad as di. Tarlaíonn malartú mar seo ó am go ham, ar ndóigh, ach ní fhaca mé an ceann seo riamh.

11 comments:

  1. à atá ann ó cheart.

    Sin Uimhir 224 in ISO-8859-1.

    Z (Capital Z with Hook) a bheadh ag an uimhir sin i Unicode.

    Mar sin, is leathanach éigin eile atá i gceist. Google a rinne seo, nach ea? Má fhéachann tú ar an ionchódú a shíleann do bhrabhsálaí a bheith ar an leathanach, aimseoidh tú do fhreagra! Ceann éigin Oirthearach.

    ReplyDelete
  2. Aisteach. Feicimse an glyph céanna; mar sin, ní bhaineann sé leis an leathanach HTML (atá fós ag UTF-8)

    Rud éigin in Adobe, is cosúil, mar is uaidh sin a thagann an teideal.

    ReplyDelete
  3. Aha. An siolla we. Go raibh maith agat!

    ReplyDelete
  4. Cruthaíodh an pdf úd as LaTex. Is dócha gurbh é sin cúis an à aisteach.

    ReplyDelete
  5. Bhí mé ag lorg an fhocail 'sass' i m'fhoclóir mór Béarla go Gearmáinis inné. Ní raibh sé ann. Ach bhí an focal Sasanach ann, mar fhocal Béarla as Albainn. Is ait an mac an saol.

    ReplyDelete
  6. Nár tháinig “sass” ó “sauce”, in abairtí ar nós “Don't give me any of your _? Nó ó "sassy < saucy”?

    ReplyDelete
  7. Seapáinis ársa atá ann.

    Dúirt Max liom go bhfuil an kana seo as feidhm anois.

    ReplyDelete
  8. Níl a fhios agam na sonraí maidir leis an éabhlóid fhóineolaíocht na Seapáinise, ach tá a fhios agam go laghdaíodh na siollaí [wi], [we], [wo] go dtí [i], [e], [o]. Tá [wi], [we], [wo] scríofa leis na carachtair ゐ ゑ を, agus [i], [e], [o] leis い え お. Anois, tá を (fuaimnítear mar [o]) úsáidte mar “tuiseal cuspóireach”, ach tá ゐ agus ゑ as feidhm (い agus え atá úsáidte ina n-áit).

    ReplyDelete