05 Nollaig 2010

“ainmneacha pinn” ar an idirlíon


An tusa atá ann, a Chailliomachais?
Nó an é seo Ormondo?


Cinnte.
(Tá súile áille agat, Fearn. Dáiríre.)

9 comments:

  1. Meas tú an bhfuil caille chaoin mar sin ag Calliomachas...

    ReplyDelete
  2. Nil Ormondo faoi cheilt uainn - tá a shonraí aige ar a bhlag!

    Ní miste liomsa mo smaointe a roinnt go hoscailte, ach sin mise. Chuile dhuine agus a bhfírinne féin aige nó aici, is dócha.

    Is léir, ceapaim, cé mé féin. Cé go bhfuil ainm pinn in úsáid agam, tá sé soiléir gur mé atá ann...;-)

    ReplyDelete
  3. Ní mise atá ann, a Dennis, tá aiféala orm, agus go cinnte ní aeráid mar sin atá timpeall orm i láthair na huaire. Tá siúd thuas á chosaint féin ar an ngaineamh séidte. Céard air a bhfuil mise dom chosaint féin? Níl a fhios agam.

    ReplyDelete
  4. Nil Ormondo faoi cheilt uainn - tá a shonraí aige ar a bhlag!

    Feicim anois é. Is uasal an t-ainm é Fergus.

    @Cailliomachas

    Is uasal an t-ainm é Καλλίμαχος freisin, ach is deacair liomsa an litriú Gaeilge a choinneáil i m'intinn.

    ReplyDelete
  5. Dála an scéil, chonaic mé bean óg gléasta mar an mbean thuas den chéad uair riamh i Seattle, ag siúl tharam ar an gcosán sa University District an tseachtain seo caite. Ní raibh mé thar a bheith sásta í a fheiceáil. Ní maith liom daoine fásta a chaitheann maisc. Ní maith liom carranna a bhfuil gloine dhorcha sna fuinneoga acu ach oiread.

    ReplyDelete
  6. Bhíodh siad coitianta i mBeirlín. Feictear dom an nós a bheith ag scaipeadh abhus, agus ní inimircigh amháin atá ag cloí leis.

    Gan amhras, bhíodh caille mar é á chaitheamh ag mná rialta tráth den saol, cé go raibh an ceannaghaidh le feiceáil de ghnáth.

    ReplyDelete
  7. Mura bhfuil a (h)aghaidh le feiceáil, ní bhíonn iontaoibh agam as duine. Is cuma liom faoin gcuid eile den chorp. Tá an caifirín / hijab sách coitianta abhus anseo, ar champas na hollscoile go háirithe mar a bhfuil a lán mac léinn as tíortha eile.

    ReplyDelete
  8. Táim wikileakaithe le fada an lá!

    Ach, i ndáiríre, nach cosaint bhreá an búrca ar an bhfuacht atá againn faoi láthair?

    Cé nach gcuireann an búrca as dom nuair a fheicim é ar an tsráid, aithnim na deacrachtaí a chruthaíonn sé nuair ba mhian leis an mbean bheith ina ball den tsochaí.

    ReplyDelete
  9. Vinyl Shamrock?

    Bhal, seo caochadh ó shúil Fearna ;-)

    ReplyDelete