10 Nollaig 2010

abhainn atmaisféarach


Luaigh mé an feiniméan seo beagnach bliain ó shin. “Abhainn atmaisféarach” a thugann na meitéareolaithe air. “Traein Luais na nAnann / The Pineapple Express” an t-ainm atá againn air.


Is réamh-meastachán é an pictiúr seo den aimsir a bheas againn amárach: aer te agus a lán báistí, caol díreach ó Hawai’i. Tá Seattle suite ag ceann an t-srutha seo sa phictiúr.

5 comments:

  1. An bhfaca tú an scannán Pineapple Express riamh, a Dennis? Scannán grinn seafóideach. Is aoibhinn liom é. ;)

    ReplyDelete
  2. Ní fhaca. Ní raibh a fhios agam go raibh sé ann. Fuair mé an trailer anois díreach. Scannán stoner eile. Tar éis dom réamhbhlaiseadh ar bith a fheiceáil, cuirim ceist amháin orm féin: “An bhfuil an chuid is fearr den scannán feicthe agam anois?”

    ReplyDelete
  3. An-chúl! (an abhainn atmaisféarach)

    ReplyDelete
  4. Fuair muid 3" anseo i Seattle, agus thit i bhfad níos mó sna sléibhte. Tá tuile san Abhainn Snoqualmie agus tá físeán deas gairid anseo den eas.

    ReplyDelete