Fom-gébae sund. (Sean-Gh)
Fo-géba missi sund. (Meán-Gh)10 Aibreán 2026
Éabhlóid na Gaeilge in aon abairt amháin
26 Meitheamh 2025
Stair mo mhuintire (cuid acu, ar aon nós)
Scríobh mo mhamó Kate McCormick Black, máthair mo mháthar, an stair seo. Níor athraigh mé an litriú ná an phoncaíocht den chuid is mó nuair a rinne mé tras-scríbhinn di. Tá na chéad abairtí maidir le Dougal agus Sylvester mícheart. Níl a fhios agam cá bhfuair sí an scéal sin. Níl a fhios agam cathain a bhreac sí síos an stair seo. Am éigin sna caogaidí nó sna seascaidí?
In ____ Scotland Dougal McCormick lived, he was a brewer and had two sons - Sylvester and John Dougal. We come from Dougal side of the family, but Sylvester came to the U.S. rather than stay in Scotland and work in the brewery. Came to U.S. and patented the first McCormick harvester and several other pieces (?) of machinery. Dougal McCormick came over later. He was a builder and contractor. My grandfather Chas. Valentine Mc is a descendent of his and was born in Jacksonville Ill. He married Lousanah Emeline ___ and they had four children Kate born 1837, Thomas Benton 1840, Chas. R. 1842 and Bettie 1844. I am not sure of these dates but I know Chas. R. is 1842. My father enlisted in the Civil war in 1862. Co. D. 114th Ill. infantry he fought in the seige at Vicksburg Miss. and his name is listed with all the other men who fought on a bronze plate now in the memorial building in Vicksburg. When mama, Rox, Tod, Earl & Billie were south on a trip they went to Vicksburg. Said the memorial grounds were beautiful. Well my father had smallpox last year of the war. Said as he lay there on his cot seeing one after another of the boys carried out dead, wondered when his turn would come. After he was well his commanding officer kept him to do office work. He was making out discharges for the men. Major said Mc it’s about time for yours to go through, my father said I put my [mine] in and you signed some time ago. I have that discharge that is written in his own hand and a 5 cent piece of paper money that was paid him at that time, called a shin plaster. Chas Valentine Mc was a big builder and contractor. He built the Jacksonville Ill. court house which is still standing and in use as court house, the Insane asylum and several fine churches that are in good condition. Grandma McCormick died while Chas & Tom were away in the service, she had T.B. Some time after that grandpa married her sister and he & his wife & a niece were killed at a train crossing, driving in a surrey (I guess with the fringe on top). Well my father married N____ (?) Wilson of Jacksonville Ill. and they had two boys Harry Herbert & Eugene. Whe Harry was about three his mother died of Tb. My father came to Kans brought Harry to live with Aunt Kate Naylor near Furley Kas. and Gene was a tiny baby so grandmother Wilson kept him. My father wanted to bring him to Kans. but grandmother Wilson thought it best to stay with her. Well my father staked a claim two miles from Aunt Kate and uncle Joe Naylor, and she kept Harry till my father married my mother Marietta Slaven. He broke sod with oxen and freighted lumber from Emporia Kans. with a pair of oxen. He used some of the walnut slabs for a roof on his sod house, after he built frame house these slabs were taken to plaining [planing] mill and made into fine lumber. I have a dresser now that uncle Tom Mc made of it. He lived on the claim till after grass hopper year I think in 1873 or 74. He and mama were married on March 1, 1876. Roxy was born Dec 10 1876. I was born Apl 16, 1879 Lou was born June 20, 1881. Billie born 1886. Murry 1889. Tod 1892. Claude June 4, 1895. Mamas people all lived in West Virgina was a little town of Ravenswood, near the Ohio river and mama was named for a town Marietta Ohio just across the river. Grandpa Slaven was born near Ravenswood, great grandfather Slaven once owned a lot of land in West Virginia. There were Henry, James and Mary. My grandfather James married Lucy Summerville and their [there] were three children Tom, Marietta and Willie, the little boy died in infancy, and when mama was three years old her mother died and she went to live with her grandmother Summerville. Uncle Tom with grandparents Slaven. Mama born May 29, 1858. Uncle Tom 1856, don’t remember date. He died Apl 1937. Mama died Oct. 17 1944. Pap died Oct 24, 1929. Summervilles one of the oldest families in Old Virginia, are related to the Summerville that was at the bottom of that Alaska road found about 10 years ago. [What’s that story?] Doss Summervilles son lives in Ravenswood now, has a dry goods store there. Well Granda pa Slaven and Uncle Henry Slaven both fought in the Confederate army. Uncle Henry was in prison a long time lost a leg, visited us on the farm 50 yrs ago had cork leg didn’t even limp. After the war Grandpa Slaven married Alpha Lent, and grandpa, grandma, Tom and mama drove to Kans from West Virginia in a covered wagon. They were 6 months making the trip, brought 2 teams of horses, some cows and mamas pony. She rode it a lot of the way to Kans. they got as far as Coffeville in eastern Kans and wintered there then on to Furley Kans in spring. I think they came to Kans. about 2 yrs after my father did, any way they were there before grass hopper year that ate up every thing clean. My grandfather traded his claim for what is now West Wichita, had 160 acres, on west side of river and South of douglas ave. Laid it out into town lots and made a lot of money for that time out of it. built a big house corner Maple & Sycamore, grandma lived in it till year she died 1926 then was torn down a filling station there now. They went to Eureka Sps Ark. brought back a lot of pine trees, and a few years ago I was past the lot and one or two of them were still standing, nearly 70 years old, believe it or not but is so.
24 Bealtaine 2025
Fàrdach: ó bhád go teach
Fàrdach. Sin focal Gàidhlig a chiallaíonn “teach, áras, lóistín”. Is focal coitianta é. Tá dhá leagan malartach ann freisin: àrdach, fàrdrach. Bhí mé ciaptha aige toisc nach bhfuil an scéal taobh thiar de soiléir. Bíonn an scéal taobh thiar den fhocal de dhíth orm i gcónaí. Ach is dóigh liom go bhfuil a shanasaíocht agam anois. Thosaigh sé sa Mheán-Ghaeilge leis an bhfocal “arthrach”, a bhí ina bhád. Ansin d’athraigh a chruth agus a chiall le himeacht aimsire, mar is dual d’fhocail.
13 Aibreán 2024
11 Eanáir 2024
Leagan úr de scéal grinn
Tógtar Joe Biden, Xi Jinping, agus Vladimir Putin suas chun na bhflaitheas sa lift neamhaí agus tugtar i láthair an Cheannaire iad. "Táim seacht sean dubh dóite den mhíghníomhaíocht ar fad atá ar siúl thíos ansin," ar Seisean. "Faoi cheann seachtaine déanfaidh mé smidiríní den Talamh. Chuir mé fios oraibh chun go mbeadh deis agaibh dul ar an teilifís agus fainic a chur ar an saol mór, le go mbeidh seans acu aithreachas a dhéanamh."
Tugtar ar ais chun an Talaimh iad, agus nochtann siad aris ina n-ionaid fein. Is é Biden an chéad duine acu a théann os comhair na gceamaraí. "Tá dea-scéal agam daoibh, agus drochscéal. Is é an dea-scéal ná go bhfuil Dia ann. An drochscéal ná go ndéanfaidh Sé an Talamh a scriosadh faoi cheann seacht lá."
Cloistear Xi ansin: "Tá drochscéal agam, agus fíor-dhrochscéal. Is é an drochscéal ná go bhfuil Dia ann, tar éis an tsaoil. An fíor-dhrochscéal ná go bhfuil sé ar intinn Aige an domhan go léir a scriosadh i gceann seachtaine.
Téann Putin ar an teilifís faoi dheireadh: "Tá dea-scéal agam, agus fíor-dhea-scéal. Is é an dea-scéal ná go bhuil Dia tar éis cruthunas eile a thabhairt dúinn gurb ann Dó. An fíor-dhea-scéal ná nach mbeidh an Chrimé ag na hÚcránaigh go deo!”
10 Eanáir 2024
Céard is “populist” ann?
Dar le pobalóirí, níl sa pholaitíocht ach troid gan chríoch idir an gnáthphobal macánta agus na scothaicmí cama mailíseacha. Maíonn na ceannairí pobalacha nach seasann éinne ach iad féin do mhiantá na ngnáthdhaoine. Dá bhrí sin is dóigh leo nach bhfuil in aon chonstaicí ar chumhacht cheannaire na tíre ach laincisí le scaoileadh, is cuma cá bhfuil siad: in athbhreithniu na cúirteanna nó in obair chothrom ghairmiúil na státseirbhíseach.
26 Deireadh Fómhair 2023
Eachtra Neara ~ Echtrae Nerai
Echtrae Nerai ~ Eachtra Neara
Bhí Ailill agus Méabh i Ráth Chruachan lena dteaghlach go léir Oíche Shamhna. Thosaigh siad ag ullmhú an dinnéir. Tharla gur crochadh beirt phríosúnach an lá roimhe sin. Dúirt Ailill lena mhuintir, “Má cheanglaíonn éinne agaibh gad thart ar chois ceachtair de na príosúnaigh atá ar an gcroch amuigh ansin, tabharfaidh mé cibé rud is mian leis mar dhuais.”
Ba dhorcha agus ba scáfar an oíche í. Bíonn deamhain amuigh an oíche sin i gcónaí. Chuaigh gach fear amach, ina dhuine agus ina dhuine, le triail a bhaint as, ach tháinig siad ar ais go sciobtha.
“Beidh an duais agamsa,” arsa Neara. “Rachaidh mé amach!”
“Beidh mo chlaíomh leis an dorn óir agat mar sin,” arsa Ailill.
Chuaigh Neara amach lán misnigh i dtreo na bpríosúnach. Cheangail sé gad thart ar chois dhuine acu, ach scaoil an snaidhm. Rinne sé faoi thrí é, ach níor éirigh leis. Ansin dúirt an príosúnach leis, “Mura gcuireann tú pionna ann, beidh tú anseo go maidin.” Chuir Neara pionna ann ansin.
Dúirt an príosúnach ar an gcroch le Neara, “Maith an fear!”
“Maith go deimhin!” arsa Neara.
“Ar do chlú mar ghaiscíoch, tabhair ar do mhuin mé le go bhfaighidh tú deoch dom. Bhí tart millteanach orm nuair a crochadh mé.”
“Téigh ar mo mhuin!” a dúirt Neara, rud a rinne an príosúnach. “Cá bhfuil ár dtriall?”
“Go dtí an teach is gaire dúinn,” arsa an príosúnach.
Chuaigh siad go dtí an teach sin. Chonaic siad loch tine timpeall an tí. “Níl ár ndeoch sa teach seo,” arsa an príosúnach. “Coiglítear an tine anseo i gcónaí. Téimis go dtí an chéad teach eile.”
Chuaigh siad ann. Chonaic siad loch uisce timpeall an tí. “Ná téigh chuig an teach sin,” arsa an príosúnach. “Ní fhágann siad uisce níocháin ná uisce folctha ná buicéad lán dríodair istigh tar éis dóibh dul a chodladh. Téimis go dtí an chéad teach eile mar sin.”
Chuaigh siad go dtí an teach sin. “Tá mo dheoch-sa sa teach seo!” arsa an príosúnach. Lig Neara anuas ar an talamh é agus chuaigh sé isteach. Bhí uisce níocháin agus uisce folctha ann, agus iad salach, agus d’ól sé deoch astu araon. Bhí buicéad lán dríodair ar an urlár an tí agus d’ól sé deoch as, agus sceith sé an bolgam deireanach as a bhéal ar na ndaoine a bhí sa teach, agus fuair siad uilig bás. Mar sin, ní maith an rud é uisce níocháin ná uisce folctha ná tine gan choigilt ná buicéad dríodair a fhágáil sa teach tar éis dul a chodladh.
Thug Neara an corp ar ais go dtí a chroch ansin, agus chuaigh seisean ar ais go Rath Cruachan. Séard a chonaic sé roimhe ansin ná an dún á loscadh agus gaiscígh ag crochadh chinn a mhuintire leo. Lean sé an slua isteach in Uaimh Chruachan.
“Tá fear dár lorg,” arsa an fear deireanach le Neara. “Tá an tslí níos troime,” a dúirt a chomrádaí leis agus chuaigh an focal chun tosaigh ó fhear go fear. Tháinig siad go Sí Chruachan ansin agus chuaigh siad isteach. Taispeáineadh na cinn do Rí an tSí.
“Céard a dhéanfar leis an bhfear a tháinig leis an slua,” a d’fhiafraigh duine amháin.
“Lig dó teacht i leith le go labharfaidh mé leis,” arsa an Rí.
Tháinig Neara os comhair an Rí a dúirt leis, “Céard a thug isteach sa Sí thú leis an gaiscígh?”
“Tháinig mé in éineacht le do shlua,” arsa Neara.
“Gabh chuig an teach úd thall,” arsa an Rí. “Tá bean shingil ann. Caithfidh sí go maith leat. Abair léi gur mise a chuir chuici thú. Tar ar ais go dtí an teach seo chuile lá le beart brosna.”
Rinne Neara mar a dúradh leis. Bheannaigh an bhean dó agus dúirt sí, “Fáilte isteach más é an Rí a chuir chugam thú.”
“Sin é,” a dúirt Neara.
Rachadh Neara le beart brosna go dtí an dún chuile lá, agus chuile lá chonaic sé beirt ag teacht amach as an dún, fear dall agus bacach ar a mhuin. Rachadh siad go dtí tobar a bhí i ndoras an dúin. “An bhfuil sé ann?” a d’fhiafraidh an dall.
“Tá go deimhin,” a d’fhreagair an bacach.
“Imímis mar sin,” arsa an dall.
Chuir Neara ceist ar an mbean faoin rud seo. “Cén fáth a thaithíonn an dall agus an bacach an tobar?”
“Tugann siad cuairt ar an gcoróin atá sa tobar,” arsa an bhean. “Coróin óir a bhíonn ar cheann an Rí atá ann. Coinnítear i dtaisce ansin í.”
“Cén fáth an bheirt úd?” arsa Neara.
“Ní hansa,” a dúirt sí. “Is é an Rí a chuir an cúram sin orthu. Dhall sé duine acu agus rinne sé bacach den duine eile.”
“Gabh i leith,” a dúirt Neara leis an mbean, “le go míneodh tú cuid do mo chuid eachtraí dom.”
“Céard atá feicthe agat?” arsa an bhean.
“Bhuel,” a dúirt Neara, “Nuair a bhí mé ag teacht isteach sa dún, chonacthas dom gur scriosadh Rath Cruachan agus gur maraíodh Ailill agus Méabh agus a dteaghlach uilig.”
“Níl sé sin fíor,” arsa an bhean. “Is scáthshlua a chonaic tú. Ach fíoróidh an rud sin mura gcuirfear in iúl dóibh é.”
“Conas is féidir liom rabhadh a thabhairt do mo mhuintir?” arsa Neara.
“Gabh chucu,” a dúirt sí. “Tá siad timpeall ar an gcoire céanna fós agus níor tógadh ón tine é.” Ba dhóigh le Neara, áfach, go raibh sé tar éis trí lá agus trí oíche a chaitheamh sa Sí. “Abair leo bheith san airdeall Oíche Shamhna seo chugainn, mura ndéanann siad an Sí a dhíothú roimh ré, toisc gur tairngríodh marú d’Ailill agus do Mhéabh agus fuadach do choróin Bhríon (litriú?).”
“Conas a chreidfidh siad go ndeachaigh isteach sa Sí?” arsa Neara. “Beir plandaí an tsamhraidh leat,” a d’fhreagair an bhean. Thug sé creamh leis, agus sabhaircín agus fearbán. “Agus beidh mise torrach uait,” a dúirt sí, “béarfaidh mé mac duit. Cuir scéala chugam roimh theacht do mhuintire chun an tSí a scriosadh, le go mbeidh deis againne éalú as le do chuid eallaigh.”
Chuaigh Neara chuig a mhuintir ansin, agus fuair sé iad timpeall ar an gcoire céanna, agus d’inis sé a scéal dóibh. Tugadh an claíomh dó agus d’fhan sé lena mhuintir go ceann bliana ina dhiaidh sin. Tharla gur fhág Fearghus mac Roich Cúige Uladh an bhliain cheannann chéanna agus chuaigh ar deoraíocht chuig Ailill agus Méabh.
“Is mithid duit éirí anois, a Neara.” arsa Ailill, “Beir do theaghlach agus do chuid eallaigh amach as an Sí le gur féidir linn é a scriosadh.”
Chuaigh Neara ar ais chun a mhná sa Sí agus chuir sí fáilte roimhe. “Téigh go dtí an dún,” a dúirt sí, “agus tabhair beart brosna leat. Bhí mé ag dul ann chuile lá le beart brosna ar mo mhuin i d’áit, agus dúirt mé leo go raibh tú tinn. Agus tabhair súil ar do mhac thall ansin!”
Chuaigh Neara go dtí an dún agus beart brosna ar a mhuin aige. “Maith thú! Fáilte ar ais! Tá áthas orm go bhfuil biseach ort,” arsa an Rí, “ach níl mé sásta gur luigh tú leis an mbean gan chead a fháil uaimse.”
“Déan mar is áil leat faoi sin,” arsa Neara.
“O, ní bheidh mé dian ort,” arsa an Rí.
Chuaidh Neara ar ais chuig a theach. “Coinnigh súil ar do chuid eallaigh slán inniu,” arsa an bhean. “Thug mé ceann díobh do do mhac tar éis dó teacht ar an saol.” Rinne Neara mar a dúradh leis.
Bhí Neara ina chodladh nuair a thug an Morríon bó a mhic léi go Cuailnge agus doir sí leis an Donn Cuailnge í. Ansin tháinig sí ar ais anoir leis an mbó. Tháinig Cú Chulainn orthu agus iad i Má Mhuirtheimhne. Mar bhí sé de gheasa ar Chú Chulainn gan bean ná eallach a imeacht as a thír gan fhios dó. [Tá liosta anseo de gheasa eile nach mbaineann le hábhar.] “Ní imeoidh an bhó!” a dúirt Cú Chulainn.
D’fhill Neara ar a theach tráthnóna lena a chuid eallaigh. “Tá bó mo mhic ar iarraidh,” arsa Neara.
“Ní fiú mórán do chuid bhuachailleachta,” a dúirt an bhean leis. Ach ansin tháinig an bhó a bhí amú.
“Nach mór an t-ionadh é sin!” arsa Neara. “Cá ndeachaidh sí?”
“Tháinig sí as Cuailnge,” a dúirt an bhean, “tar éis a dortha leis an Donn Cuailgne agus tá sí torrach ón Donn Cuailgne. Imigh leat léi anois len í a choinneáil slán. Ní féidir le do mhuintir ionsaí a dhéanamh ar an Sí go dtí Oíche Shamhna seo chugainn, mar is ar an oíche sin a bhíonn Síthe na hÉireann ar oscailt i gcónaí.”
D’fhill Neara ar a mhuintir. “Cad as a tháinig tú,” arsa Ailill agus Méabh, “agus cá raibh tú tar éis duit muid a fhágáil?”
“Bhí mé i dtíortha áille,” a d’fhreagair Neara, “mar a bhfuil séada agus saibhreas mór, agus chuile chineál éadaigh agus bia agus seoda iontacha. Ach tiocfaidh na daoine sin le sibh a mharú Oíche Shamhna seo chugainn, mura bhfuil sibh ar bhur n-airdeall.”
“Beidh muid ann rompu, áfach,” arsa Ailill. Fanann siad i Rath Cruachan go ceann na bliana.
“Má tá aon rud agat sa Sí, a Neara, téigh ann agus tar amach leis,” arsa Ailill. Chuaigh Neara isteach sa Sí trí lá roimh Shamhain agus thug sé a thréad amach as. Nuair a tháinig an tarbhán, an lao fireann a rugadh do bhó Aingene, mac Neara, as an Sí, ghéim sé faoi thrí. Chuala Ailill agus Fearghus an ghéim sin agus iad ag imirt fichille, géim an tarbháin sa mhá.
Ansin dúirt Fearghus:
[Tá dhá rann anseo agus seanchas eile atá bainteach le Táin Bó Cuailnge níos mó ná mar atá siad leis an scéal seo. Tig liom Nua-Ghaeilge a chur ar an méid seo, ach ní dóigh liom go bhfuil áit dó dáiríre in athinsint nua den scéal.]
Ansin chuaigh fir Chonnacht [in éindí leis an hUltaigh a bhí ar deoraíocht] isteach sa Síd, scrios siad é, agus tháinig amach lena raibh ann. Thug siad Coróin Bhríon leo, ceann de Thrí Séada na hÉireann, in éineacht le Brat Laoghaire atá in Ard Mhacha, agus Léine Dhúnlaing atá leis na Laighnigh i gCill Dara.
Ach fágadh Neara agus a mhuintir sa Sí. Níor tháinig sé amach fós, agus ní thiocfaidh go brách.
29 Meán Fómhair 2023
Tecosca Cormaic
Sliocht amháin as Teagasca Cormaic
Ba éisteoir coille mé.
B’fhéachadóir réaltaí mé.
Bhí mé dall ar rúin.
Bhí mé ciúin san fhásach.
Bhí mé cainteach i gcomhluadar.
Bhí mé soilbhir sa choirmtheach.
Bhí mé dian i gcath.
Bhí mé ullamh ag faire.
Bhí mé cineálta i gcairdeas.
Ba lia na n-easlán mé.
Bhí mé fann leis an lag.
Bhí mé láidir leis an tréan.
Ní raibh mé crua le nach n-aorfaí mé.
Ní raibh mé bog le nach mbeinn maolcheannach.
Ní minic a thagainn le nach mbeinn i m’ualach.
Ní raibh mé maíteach cé go raibh mé gaoiseach.
Ní raibh mé forránach cé go raibh mé tréan.
Ní raibh mé guaisbheartach cé go raibh mé luath.
Ní dhéanainn magadh faoi sheandaoine cé go raibh mé óg.
Ní raibh mé mórtasach cé go raibh mé innealta ar airm.
Ni labhrainn faoin duine nach raibh i láthair.
Ní dhéanainn cáineadh ach moladh.
Ní iarrainn ach thugainn.
26 Bealtaine 2023
Orgguin Trí Mac Diarmata Mic Cerbaill
An chéad dréacht é seo. Tá orm Nua-Ghaeilge a chur ar an dá rann fós. Agus athróidh mé rudaí eile, gan dabht.
Fadó fadó, bhí laoch darbh ainm Maol Odhráin in Éirinn. Ní laoch mór clúiteach cosúil le Cú Chulainn nó Fionn Mac Cumhail a bhí ann. Níl iontráil dó sa “Dictionary of Celtic Mythology” ná in “Die irische Helden- und Königsage”. Is cuma. Tá dhá scéal againn faoi, agus is ceann acu é seo.
Lá de na laethanta, tháinig triúr mac Fhearghais Chearbhail chuig Cúige Laighean le creich a dhéanamh. Bhí ógánaigh uaisle an-tógtha le creacha a dhéanamh sna laethanta sin. Agus bhí triúr acu ann toisc go mbíonn triúr mac beagnach i gcónaí sna seanscéalta, ní beirt ná ceathrar. Casadh Maol Odhráin orthu. Ar chúis éigin ní raibh ár laoch ar a chapall. Bhí sé ar chois agus bhí a chapall achar gearr uaidh. Léim a ghiolla ar an gcapall le teacht chuige, ach leagadh den chapall é. Ní deirtear an raibh an giolla gan ainm sin beo nó marbh ag an bpointe sin. Ní raibh páirt eile aige sa scéal. Pé scéal é, ghlaoigh Maol Odhráin ar an gcapall, a rith chuige. Léim sé air agus rinne sé ruathar ar na creachadóirí. Rith siad chuig muileann uisce agus chuaigh siad i bhfolach sa chuid íochtarach de, san áit a raibh an roth uisce.
Bhí seanbhean sa mhuileann os a gcionn. Bhí sí ar tí a cuid arbhair a mheilt. Ach níor chuir sí an roth uisce ag casadh, ar eagla go mbrúfadh an roth uisce triúr mhac Dhiarmaid. “Lean ort, lean ort!” a dúirt ár laoch leis an gcailleach. Tharraing sí an luamhán a chuir mol an mhuilinn ag casadh. Ní go mall a mheil an muileann an lá úd, ná go min ach oiread. Ach ba leor an bhatráil a rinne sé.
![]() |
Mar a scríobh Ultán file:
A muilinn
ro milt anba di thuirinn;
níba comelt for serbainn
a ro milt for uíbh Cerbaill.
In grán meles in muilend
ní corca ach dergthuirend;
ba do géscaib in crainn máir
fotha muilind Maelodhrán.
Chuaigh Diarmaid ar feachtas go Cúige Laighean le díoltas a bhaint amach as bás a thriúr mac. Bhí sé ag Loch Gabhar lena mhuintir. Dúirt sé leis na Laighnigh go dtabharfadh sé maithiúnas dóibh dá dtabharfadh siad Maol Odhráin dó. D’fhreagair na Laighnigh d’aon ghuth nach dtabharfadh, cé go mbeadh a mbás i ndán dóibh dá bharr. Dúirt Maol Odhráin leo, áfach, gur cheart dóibh é féin a thabhairt do Dhiarmaid. “Mura dtugann sibh mé don Rí rachaidh mé liom féin chuige agus ní bhfaighidh sibh maithiúnas uaidh.
Chuaigh Maol Odhráin go Loch Gabhair agus i lár na hoíche rámhaigh sé amach go dtí an chrannóg a bhí suite sa loch. Is fiú a rá an loch sin ann dáiríre agus go raibh crannóg ann dáiríre, cé go bhfuil an loch tirim anois. Rinne seandálaithe ó Ollscoil Harvard tochailt ansin sna blianta 1934, 1935, 1936. Creachadh a rinne siad, dar le seandálaithe a tháinig ina ndiaidh. Pé scéal é, bhí chuile dhuine ina gcodladh sa rítheach, tar éis dóibh an lá a chaitheamh ag ithe agus ag ól.
D’fhan ár laoch in aice leis an doras. Tháinig Diarmaid amach leis féin le cac a dhéanamh. Ní “cac” a scríobh na daoine a bhreac síos na leaganacha dár scéil. Is cosúil go raibh siad beagáinín beag Victeoiriach. In inseacht amháin den scéal d’fhág an rí an teach leis féin “do dhul for aonsuí gan fios do neach”. In inseacht eile is é “filleadh a ghlún” a rinne sé.
Pé scéal é, bhuail sé le Maol Odhráin ag fanacht os comhair an tí.
“Stoith sop féir dom,” arsa Diarmaid leis. Is léir gur shíl sé gur dhuine dá mhuintir a bhí ann.
“Ceart go leor,” arsa Maol Odhráin, agus thug sé trí shop don rí: sop neantóige, sop feochadáin, agus sop athrathai luaid. Ar nós an triúir mhac sa scéal seo agus i seanscéalta eile, bíonn triúr nó trí rud ann níos minice ná a chéile. Níos déanaí ina shaol - bhuel, ag deireadh a shaoil le bheith beacht - fuair Diarmaid an bás triarach. Mharaigh teine, bá, agus béim ar a cheann é. Ach sin scéal eile. Maidir leis an bplanda darb ainm ‘athrathai luaid’, níl a fhios ag éinne céard a bhí ann.
“Coinnigh mo chlaíomh dom,” arsa an Rí. Rug Maol Odhráin greim air go béasach. Rinne an Rí a ghnó.
“Mo mhallacht ort, a ghiolla! Ghoin sop mé, loisc sop mé, agus ghearr sop mé! Faraor, a ghiolla, cad is ainm duit?”
“Is fíor nár bheannaigh tú i m’ainm dom. Nach bhfuil ainm ar bith agat orm? Is mise Maol Odhráin ua Díomma Chróin, de Scorbhraighe Laighean. Is mise an fear a mharaigh do mhic agus atá ar tí do chloigeann a bhaint díot.” Agus leis sin bhain sé greim ar cheann an Rí.
“Fan go fóill, a Mhaol Odhráin,” arsa Diarmaid. “Nach dtig linn é seo a phlé?”
“Abair leat,” arsa Maol Odhráin.
Tháinig siad ar chomhaontú agus chuaigh siad isteach sa rítheach.
“Suigh síos anseo taobh liom in aice leis an teallach,” arsa an Rí. Nuair a bhuail Maol Odhráin faoi ansin, scread broinn Mhughain, bean chéile Dhiarmaid.
“Faraor,” arsa an bhean, “cén mí-ádh atá tar éis teacht isteach?” Murab ionann agus Deirdre, a scréach nuair a bhí sí fós i mbroinn a máthar, ní luaitear naíonán sa scéal seo. Mar sin níl a fhios againn an raibh bean Dhiarmaid ag iompar. Níl a hainm ar eolas againn ach oiread, ach níl a fhios againn cén t-ainm a bhí ar mháthair Dheirdre.
“An fear a thug rí duit, a bhean,” arsa Diarmaid. “Is é seo Maol Odhráin ua Díomma Chróin.”
“Laoch mór é, de réir mar atá cloiste againn. B’uasal an mhaise dó gan tusa a mharú nuair a bhí an deis aige. Bíodh luach na trócaire sin aige, mar is fearr anacal ná marú.”
“Céard ba cheart dúinn a dhéanamh?” arsa an Rí. “Ní bheidh muid in ann é a shábháil ón slua.”
“Fadhb ar bith,” a dúirt a bhean. “Cuirfidh muid i bhfolach é. Ansin cuirfidh muid fios ar na huaisle, duine ar dhuine, agus cuirfidh muid Maol Odhráin faoina gcoimirce.”
Rinneadh amhlaidh agus bhí ár laoch faoina gcoimirce ar fad faoi mhaidin.
Chuaigh Maol Odhráin ar ais go Cúige Laighean an chéad lá eile leis na bronntanais uilig a fuair sé ó Dhiarmaid, éadaí áille agus capaill chostasacha, agus bhí sé ina chathmhíle ag an Rí ón am sin i leith.
25 Aibreán 2023
Catullus a scríobh
Tá gráin is grá
do mo chrá.
Cén fáth?
Ní fhéadfainn a rá.
Déanaim féin
mo shá is mó bhá.
Ōdī et amō. Quārē id faciam fortasse requīris.
Nescio, sed fierī sentiō et excrucior.
Ba mhaith liom GRMA a rá leis an “Duine Deas” as an gceathrú líne a fheasú. Mo chuairteanna ar Twitter a spreag an t-aistriúchán thuas.
06 Samhain 2022
Mar a dúirt Lobhadh tSu
23 Deireadh Fómhair 2022
Praiseach an Naoimh
![]() |
| LB 236 col. 2 |
12 Feabhra 2022
08 Feabhra 2022
04 Feabhra 2022
An Bhean Gheanmnaí a Raibh Drochbhéal Uirthi
Fainic! Tá an obair seo idir lámha fós.
An baoite ar dtús, an rud a tharraing m’aire:
Scríobh Edward Gwynn an nóta sin sa bhliain 1905 faoi théacs sa lámhscríbhinn Liber Flavus Fergusiorum. Tá an chéad líne den téacs ar leathanach amháin. Tosaíonn an scéal ansin mar a scriobh Gwynn, ach le focal amháin eile ann: theangadh.Tá an chuid eile den scéal ar an gcéad leathanach eile:
Rinne mé tras-scríobh de, cé nach bhfuil chuile chuid de cinnte:
Vir namque vitae venerabilis Felix, Portuensis episcopus, in Sabinensi provincia ortus atque nutritus est. Qui quamdam sanctimonialem feminam in loco eodem fuisse testatur, quae carnis quidem continentiam habuit, sed linguae procacitatem atque stultiloquium non declinavit. Haec igitur defuncta, atque in ecclesia sepulta est. Eadem autem nocte custos ejusdem ecclesiae per revelationem vidit quia deducta ante sacrum altare per medium secabatur, et pars una illius igne cremabatur, et pars altera intacta remanebat. Cumque hoc surgens mane fratribus narrasset, et locum vellet ostendere in quo fuerat igne consumpta, ipsa flammae combustio ita ante altare in marmoribus apparuit, ac si illic eadem femina igne corporeo fuisset concremata. Qua ex re aperte datur intelligi quia hi quibus peccata dimissa non fuerint, ad evitandum judicium sacris locis post mortem non valeant adjuvari.
Felix, Bishop of Portua, a man of holy life, who was born and brought up in the province of Sabina, saith that there lived in that place a certain Nun, which, though she were chaste of her body, yet had she an ungracious and foolish tongue: which departing this life, was buried in the church: the keeper whereof, the night following, saw her by revelation brought before the holy altar, where she was cut in two pieces, and the one half was burnt in the fire, and the other was not touched at all. Rising up in the morning, he told unto others what a strange vision he had seen, and shewed them the very place in which she was burnt, the marble whereof appeared with the very marks and signs of a fire upon it, as though that woman had been there burnt in very deed with corporal fire. By which we may plainly see, that such as have not their sins pardoned, can reap small benefit by having their bodies after death buried in holy places.
21 Nollaig 2021
simple rhymes
I lár an gheimhridh
inniu an grianstad.
As an lá seo amach
beidh an lá ag dul i bhfad.
An braon anuas,
ní fios a threo ná a luas,
gan trácht ar a chruas.
(An aimsir i dtréimhse seo na héiginnteachta.)
10 Nollaig 2021
Madam … bidam
Seo “slisneach” a scríobhadh go luath sa séú haois déag sa LS 1347 atá anois ag Coláiste na Tríonóide agus atá ar fáil ar líne ó ISOS. Máel Íosa, a bhí ina scríobhaí, a chuir an LS le chéile.
Tá creatlach an tslisnigh sách simplí. Ó thús deireadh níl ann ach abairtí i bpéirí atá ceangailte le chéile sa phatrún seo: Mad(h)am X, bid(h)am Y. Mad(h)am Y, bid(h)am Z, Mad(h)am Z … agus mar sin de.
Ní scríobhtar “madam” leis an -d- ach uair amháin, in “madam rimar”. Sna habairtí eile feiceann muid “ma am”. Is féidir nach raibh sa ‘d = dh’ lárnach sin ach hiatus i nGaeilge an scríobhaí a bhreac síos an slisneach.
Foirmeacha den chéad phearsa uatha den chopail atá sa dá bhriathar sin a leanann a chéile tríd síos:
mad(h)am = if I were
bid(h)am = I will be
Tá cuid de na focail eile, ainmfhocail agus aidiachtaí, réasúnta cinnte, ach níl le déanamh ach buille faoi thuairim a thabhairt faoi cuid eile díobh ag an bpointe seo. An liosta:
ruire = overlord
ruanaid = ruanaidh = strong man
sempar ~ seampar = “semper” na Laidine = lasting, eternal
condiulg ~ condelcc = coindealg = covenant; counsel
rímar = rí mór = great king ?
soichlech = soichleach = liberal, generous, hospitable (DIL)
dreablaing ~ dreblaigg = (1) drabhlainn - trifler, idler; absurdity, sheer nonsense. (2) snarling, grumbling; grinning (Dwelly) ??
dobur = dobhar = dark, obscure
sindal = sindal < sinnal < sinneall < so-inneall ??
luamain = luain = movement, vigorous exertion, hard work (FGB)
ealcmur ~ elcmur = elcmar = envious, spiteful (DIL)
idhland ~ idhlantt = (1) fidlann - a piece of wood used in divination and hence the divination itself (some kind of rhabdomancy or xylomancy (DIL); (2) iodhlann - bound, burst, spurt, blast (FGB)
ind righ = an rí = the king
Seo é an slisneach dá réir sin:
Madam ruire, bidam ruanaid. - If I be an overlord, I will be a strong man.
Madam ruanaid, bidam sempar. - If I be a strong man, I will be eternal.
Madam seampar, bidam condiulg. - If I be eternal, I will be counsel / covenant.
Madam condelcc, bidam rímar. - If I be counsel, I will be a great king.
Madam rimar, bidam soichleach. - If I be a great king, I will be generous.
Madam soichleach, bidam dreablaing. - If I be generous, I will be snarling. (??)
Madam dreblaigg, bidam dobur. - If I be snarling, I will be dark / dire. (??)
Madam dobur, bidam sindal. - If I be dark, I will be ___.
Madam sindal, bidam luamuin. - If I be ___, I will be exertion.
Madam luamain, bidam ealcmur. - If I be exertion, I will be jealous (??).
Madam elcmur, bidam idhland. - If I be elcmar, I will be a burst / blast.
Madam idhlantt, bidam ind righ. - If I be a blast, I will be the king.
Iter roilicca. tic. - Between graves / cemeteries. comes. (??)
15 Samhain 2021
Acid Test
Seo giota gaoise ón fhichiú haois. Is cosúil gurbh é Myles na gCopaleen / Flann O’Brien / Brian O’Nolan a scríobh. Níl a fhios agam cár cuireadh i gcló é ná cén bhliain.
Má tá (cuir i gcás) Lánasach ann darb ainm Seán, tá sé léannta agus gaoiseach go maith má chuireann sé síos a ainm mar “Seán Ó Lánasa.” Ach má scríobhann sé “Seán Ua Lánasa,” tá a Ghaeilge gann agus an beagán atá aige gan a bheith maith. Agus (faraor!) má bhaisteann sé “Seaghán Ua Lánasa” air féin, bí cinnte gur duine bocht seachránach gan foghlaim gan chiall atá buailte leat.
Here is a little ready-made test which will allow you to know at once whether or not anyone you meet has fluent Irish.
If, for example, he happens to be a Lánasach named Seán, he is learned and wise indeed if he puts his name down as “Seán Ó Lánasa.” And if he writes “Seán Ua Lánasa,” his Irish is scanty and the little he has is weak. And (alas!) if he calls himself “Seaghán Ua Lánasa”, you can be sure that you have met a misguided and ignorant person.









