23 Deireadh Fómhair 2022

Praiseach an Naoimh

 

LB 236 col. 2

Ocus atbert fria a thimtirig, “Braissech,” olse, “cech noidche uait & ni thuc in ol-im lee.” “Dogentar,” ol in coic. Tollaid side crand suaite na braisce combo fedan & no doirted in mbeoil isin fhedan sis cu suaitea triasin braissech. Coimetaid sin feth in clerig. Rathaigit na manig degfheth in clerig cor iumraidset atarru buden. Faillsichear dosum sin cond epart, “Fodord ic lucht bur ninaid do gres.” “Maith didiu,” ol eisium fria thimthirig, “cret dobersi damsa cech dia?” “Id fhiadnisi,” ol in coic, “sin mina thi asin duirn in aighin nó assin crand dia suati in mbraissig ni fetarsa ni ele indsan braissech nama.” Faillsicher don clerech indsin & atbert “Sonus & degfheth,” olse, “tria bithiu dfhir thinaid do gres.” Issed sin chomaillter. 

Agus dúirt Colm Cille lena seirbhíseach, “Praiseach neantóg arsa eisean, “gach oíche domsa agus ná cuir aon im ann.” “Déanfar amhlaidh,” arsa an cócaire. Tollann sé crann suaite na praisí le go mbeadh feadán ann agus dhóirt sé an “bealadh” san fheadán síos le gur suaitheadh tríd an bpraiseach é. Choinnigh sé sin slacht ar an gcléireach. Thug na manaigh faoi deara chomh sleamhain slíoctha agus a bhí sé agus luaigh siad é sin i measc a chéile. Cuireadh é sin in iúl don chléireach agus dúirt sé, “Fodhord [cúlchaint] orthu siúd  a thiocfaidh in bhur ndiaidh go brách!” “Maith go leor,” arsa eisean lena seirbhíseach, “céard a thugann tú domsa gach lá?” “I d’fhianaise,” arsa an cócaire, “a dhéanaim é sin agus mura dtagann sé as dorn an phota nó as an gcrann lena suaitear an phraiseach níl a fhios agam go bhfuil aon ní eile sa phraiseach.” Ach ansin foilsítear don chléireach é sin [an cleas], agus dúirt sé “Sonas agus sláinte,” arsa eisean, “go brách na breithe duitse agus dóibh siúd a thiocfaidh i do dhiaidh!” Agus mar sin a bhí.




No comments:

Post a Comment