I lár an gheimhridh
inniu an grianstad.
As an lá seo amach
beidh an lá ag dul i bhfad.
An braon anuas,
ní fios a threo ná a luas,
gan trácht ar a chruas.
(An aimsir i dtréimhse seo na héiginnteachta.)
An seanchas gearr, an seanchas is fearr.
I lár an gheimhridh
inniu an grianstad.
As an lá seo amach
beidh an lá ag dul i bhfad.
An braon anuas,
ní fios a threo ná a luas,
gan trácht ar a chruas.
(An aimsir i dtréimhse seo na héiginnteachta.)
Seo “slisneach” a scríobhadh go luath sa séú haois déag sa LS 1347 atá anois ag Coláiste na Tríonóide agus atá ar fáil ar líne ó ISOS. Máel Íosa, a bhí ina scríobhaí, a chuir an LS le chéile.
Tá creatlach an tslisnigh sách simplí. Ó thús deireadh níl ann ach abairtí i bpéirí atá ceangailte le chéile sa phatrún seo: Mad(h)am X, bid(h)am Y. Mad(h)am Y, bid(h)am Z, Mad(h)am Z … agus mar sin de.
Ní scríobhtar “madam” leis an -d- ach uair amháin, in “madam rimar”. Sna habairtí eile feiceann muid “ma am”. Is féidir nach raibh sa ‘d = dh’ lárnach sin ach hiatus i nGaeilge an scríobhaí a bhreac síos an slisneach.
Foirmeacha den chéad phearsa uatha den chopail atá sa dá bhriathar sin a leanann a chéile tríd síos:
mad(h)am = if I were
bid(h)am = I will be
Tá cuid de na focail eile, ainmfhocail agus aidiachtaí, réasúnta cinnte, ach níl le déanamh ach buille faoi thuairim a thabhairt faoi cuid eile díobh ag an bpointe seo. An liosta:
ruire = overlord
ruanaid = ruanaidh = strong man
sempar ~ seampar = “semper” na Laidine = lasting, eternal
condiulg ~ condelcc = coindealg = covenant; counsel
rímar = rí mór = great king ?
soichlech = soichleach = liberal, generous, hospitable (DIL)
dreablaing ~ dreblaigg = (1) drabhlainn - trifler, idler; absurdity, sheer nonsense. (2) snarling, grumbling; grinning (Dwelly) ??
dobur = dobhar = dark, obscure
sindal = sindal < sinnal < sinneall < so-inneall ??
luamain = luain = movement, vigorous exertion, hard work (FGB)
ealcmur ~ elcmur = elcmar = envious, spiteful (DIL)
idhland ~ idhlantt = (1) fidlann - a piece of wood used in divination and hence the divination itself (some kind of rhabdomancy or xylomancy (DIL); (2) iodhlann - bound, burst, spurt, blast (FGB)
ind righ = an rí = the king
Seo é an slisneach dá réir sin:
Madam ruire, bidam ruanaid. - If I be an overlord, I will be a strong man.
Madam ruanaid, bidam sempar. - If I be a strong man, I will be eternal.
Madam seampar, bidam condiulg. - If I be eternal, I will be counsel / covenant.
Madam condelcc, bidam rímar. - If I be counsel, I will be a great king.
Madam rimar, bidam soichleach. - If I be a great king, I will be generous.
Madam soichleach, bidam dreablaing. - If I be generous, I will be snarling. (??)
Madam dreblaigg, bidam dobur. - If I be snarling, I will be dark / dire. (??)
Madam dobur, bidam sindal. - If I be dark, I will be ___.
Madam sindal, bidam luamuin. - If I be ___, I will be exertion.
Madam luamain, bidam ealcmur. - If I be exertion, I will be jealous (??).
Madam elcmur, bidam idhland. - If I be elcmar, I will be a burst / blast.
Madam idhlantt, bidam ind righ. - If I be a blast, I will be the king.
Iter roilicca. tic. - Between graves / cemeteries. comes. (??)
Seo giota gaoise ón fhichiú haois. Is cosúil gurbh é Myles na gCopaleen / Flann O’Brien / Brian O’Nolan a scríobh. Níl a fhios agam cár cuireadh i gcló é ná cén bhliain.
“Gabar” leis an litir ‘a’, truailliú den fhocal “caper” atá ann. “Gabor” le “o”, áfach, is ainm don each é. Agus is “breac” a truaillíodh ann .i. “goor” gach solas ansin, mar sin tugtar “goar” ar an each geal, srl. Cibé dath eile atá ar an each, má tá beagán den gheal ann, is “goor” a ainm, óir is as an dath is airgeadúla atá ann a ainmnítear é. Chuir an file Gaelach ‘b’ leis ar scáth an bhinnis, toisc go raibh “gobar” níos binne leo ná “goor”, dá bhrí sin is “gobar” a ainm.
Is ortha Navajo é seo a fuair an teangeolaí Washington Matthews (a rugadh in Éirinn sa bhliain 1843) timpeall 120 bliain ó shin agus a foilsíodh sa bhliain 1907 in University of California Publications in American Archaeology and Ethnology, vol. 5 No. 2.
Hayoołkááł bee hooghangi …
Bhí seanbhean ina cónaí i dteach beag lena cat, Tadhg, amuigh faoin tuath áit éigin in Éirinn. Ag teacht abhaile ón séipéal Lá Fhéile Pádraig di, céard a chonaic sí ach duine den aos sí (.i. leprechaun, céard eile?) i bhfolach taobh thiar de sceach. Thug sí léim agus rug sí greim ar an bhfear beag. "Tá mé fair caught," adúirt an lucharachán agus thug sé trí wishes di. "Fan go bhfeice mé ...," a deir sí. "Is mian liom a bheith saibhir in áit a bheith bocht." Bingo! Bhí milliún punt i nótaí beaga i mála faoin sceach. Rinne sí a machnamh nóiméad eile agus dúirt, "Is mian liom a bheith óg agus álainn." Bingo! Bhí sí óg agus álainn. Chaith sí cúpla nóiméad eile ag machnamh ar a tríú mian, agus ansin dúirt sí, "Is mian liom mo chat beag, Tadhg, a bheith ina fhear óg dóighiúil." Bingo! Bhí Tadhg ina fhear óg dóighiúil. Is ar éigin a chreid sí é seo, agus d'exclaimáil sí, "A Thaidhg, an tusa atá ann dáiríre?" Labhair an t-ógfhear dóighiúil agus dúirt, "Is mé, agus nach bhfuil aiféala ort gur ghearr tú mé?"
Chuir mé Béarla ar an scéal grinn seo na blianta ó shin. Níor aistrigh mé “wishes”. Ní raibh mé cinnte ag an am sin cén focal a bheadh oiriúnach. Níl mé cinnte inniu. Tá trí rogha ann, agus seo iad na vótaí a fuair siad i bpobalbhreith a rinne mé ar Twitter an lá cheana. Maidir le “drinnrosc,” bhí sé in úsáid go coitianta i nGaeilge Mheánaoiseach.
Ní a fhios agam conas atá cúrsaí anois, ach ba bhinbeach saol acadúil na Sean-Ghaeilge tráth den saol. Seo aoir a chum Kim McCone ar chuid dá leathbhádóirí.
Recensio secunda fabulae in codice olim Burlingtonensi nunc autem Valdronensi repertae Incipit Togail Bruidne Da Máeldruad 7 Cath Maige Mell 7 Ríastrad Messe Búachalla 7 Glenamon Dáeltengad i Tóin Murchada Boí toísech écond úathmar for ardléigiund Érenn, Da Máeldruí a ainm. Boí ollam drúth occo. No:anad in rígdrúth isin tig oc freiscsin cíangothae in tain nad:mbed oc imthecht ó dáil co dáil for íarair chomrac. Fraince ainm in drúith, mac-side do Chano, 7 ba lán Ériu di airdircus a chlesae. Luid fecht n-and co cathraig inna Trindóite co:n-accae in fer ara chiunn. "Indam:bia-sa úar choimcheilge lat?" ol in fer. "Is ed do:roachtmar sund" ol Mac Cano. "Cía tussu 7 cid as áil duit?" "Murchad atom:chomnaic-se" olse, "suí bélrai theipidi isin chathraig so. Ro:memaid form i cosnam na hapthaine sund 7 is mebul lemm aní sin. Ad:cobraim techt do ardléigiund indossa. Congnae frimm!" "Do:bér comairli duit" ol Mac Cano. "Eirg do bruidin Da Máeldruad innocht. A:tá tairbfeis and 7 is tú bas ardollam de. Caccfaid tarb 7 ísait triar, .i. Da Máeldruí, Bángabáltaid 7 atom:chomnaic fadéin, a sáith din tarbchacc sin. Na:scefet íarum 7 intí íbas in tarbchacc brúchtas úadaib, for:bia ardléigend n-Érenn co bráth acht nad:rogba for forcetal ná for scríbend". Do:gní Murchad samlaid co:ndéntar ardollam de. Níptar fáilti fris fisidi 7 forcitlidi Érenn. "Ní méte aní sin" ol Murchad, "acht ropa inmain la Da Máeldruid 7 lasna mná óentamai do:n-inóliub immum. Im:cáemros-sa do báethaib húare am báeth fadéin". Téit isin mbruidin la sodain conid ardléigend co fresabru boíe isin tír ónd úair sin. Bátar trá deoladchairi mára for ardléigiund Érenn i flaith Murchada 7 Maic Cano, .i. cruinnigthi menci ó Samain co Samain cacha blíadnae, comrád cach n-óenlaithe 7 choimchelg cach n-óenaidchi, imbed cíangothae 7 tarbchacc co glúine. Fo:dordsat íarum fisidi Érenn im gabáil a léigind díb 7 gabsait for forcetal 7 for scríbend co:n-accaitis cía domaín do:n-áirced don diis a léigend ina flaith. Ba sáeth la Da Máeldruid forbart ind léigind sin co:n-epert fria muintir "Accaldam rechtaide friu!" "Do-s:ngén-sa" ol Mac Cano, "re ciunn inna blíadnae" acht for:émid cid aní sin conid i tossuch indala blíadnae ad:gládastar firu Érenn i Maig Mell. Ba olc la áes léigind Érenn ind accaldam ro:cúalatar. A-t:raig Donnchad Dáeltengae, senchaid Corcaige. Ba cosmail a bolg-side fri dabaig cormae 7 batar lir saithe mbech ind braín neime no:siltis assa béul. Sillis cách fair co:n-epert: "Quousque tandem abutere, Canellone, patientia nostra?" Is and cachain in duine dáeltengthach in roscad so, ut stulti quidam dicunt, vel rectius retoiric, ut alii peritiores putant: "Én a maic már in cacc fo:cheird for ardléigind enech innocht. Nemthes ollaman ní:áirilli cano". Fergaigistir Mac ind Éoin, .i. bachlach báesach búiredach lassa:mboí guth cosmail fri gairm cailig, fri Donnchad 7 a chairtea acht cachain-side laíd neimnig n-aili frissin mbáesach: "Mac ind Éoin áirmi bríathra. Brígach a guth gand a intliucht. Eirc ind lúath for longais co Gaillim". "Is ardu ro:mbúiriur oldáthe-si uili" ol Mac ind Éoin. "Ra:fetammar ém!" olseat ot é oc gáirib. Teichid in báesach dergainech la sodain 7 luid in slúag co tech midchúarta Maige Mell co:tairsitis óol and. Tinól Da Máeldruí áes n-ardléigind isind laithiu íarnabárach. "Do:gén-sa acaldaim indossa" ol Murchad cíabo geis dó forcetal cid óenfecht. Scríbais in n-accaldaim conda:arlégad. Coll ngesse aile dó aní sin. Luid íarum co Mag Mell co:n-árladad firu Érenn a frithisi acht níbo maith ind accaldam. Fo:ceird leth in tige i rucad in gúaccaldam fon aill la sodain conid:ndlomsat muintir Maige Mell. Luid Mac Cano for teiched 7 for forlúamain co:rránic Droichet Camm isin díthrub tar ler, conid Fraince Bostún, .i. geilt, ro:boí fair ónd úair sin. Geis do lucht ardléigind accaldam rechtaide do dénum íar suidiu condat echtrainn do-da:gniat indossa. Is and do:airchechain int ollam braigetórachtae Maige Mell no:mbáidfide Murchad ina chacc cadesin i ndeiriud a flatho feib as:n-ib tarbchacc in triir ina tossuch. Mess, .i. praisech la Saxanu, Búachalla a ainm ind braigiri. Ba bés leis-som a léne 7 cid a chrius brágat do chur isa n-étach mbecc fo:luiged a thóin in tan nad:mbed occa dán. No:bíth gillae ina arrad ó matain co fescor cach laí. Tánaic for menmain Messe comarbae Pátraic do dénum dia gillu i Maig Núadat acht ní:léiced isin senad 7 is Rúaidri, prímecnae in tuaiscirt, do:goad and. Ríastarthae im Mess mBúachalla i suidiu. Inda lat ba tindorcun as:n-ort cach brécfiacail assa chiunn lasa núall do:rigni. Inda lat ba oíbell tened boíe for cach óendéit. Íadais a inchinn connárbo letha in-daas cró snáite. As:oilg a béolu comtar moir coire. Brúchtais a mbroimm ferge assa thóin comtar buidithir sceith a muinter lassin ndrochbolad, conid de ro:lil Búachalán Buide fair, .i. in lus as messam in Ére. Scríbais litir do cach epscup in Érinn íarum. No-s:ngádatar 7 senchruimther díblide boíe i COMAR leiss ara:ndéntais togu nue acht do:sluindset ind epscuip doib a n-as:mbertatar: Mebul a con:daigi, a Mes. Cid ara:ndéni drochcles? Léic úait úabar do chridi Do-t:ralae for drochsligi. Mad Donnchad immurgu, tréicis-som a léigend 7 a chairtea íar tain. Luid do ardléigiund co:corastar a dáeltengaid i tóin Murchada. Ligthius ind léir co:ngíuil a thengae indi. Nícon:comnaic a glúasacht eissi etir. Secht mblíadnai do Murchad cen caccad amal sodain combo lán a inathar. Ind ré chétnae do Donnchad cen dul Corcaige co:ndúnad in scol senchasa ina écmais. Is imbed cacca brúchtas ó Murchad la deilm már issint sechtmaid blíadnai. Líntae a tech i mboí co:mbáided and. Loiscthe a tech fair íar suidiu. Fo:cress Donnchad issin n-aer lassin sruth cacca co:tochar for talmain oc Áth inna nDam. Ba sáeth la Saxanu in duine caccach trotach ina mesc acht ní:cumcaitis a sechmall. Fecht n-and dia:mboí Donnchad ina suidiu ina chacc cadeisin gabsai ferg már. Is and scríbais in n-aír "aithechollam ro boí for Laignib hi Maig Nuadat .i. Cimbáeth Pitgnúisech" 7rl. For:congair fora bantimthirthid a foít timchiull Érenn. Dos:n-adbaid Cimbáeth dia séitchi, .i. ind bansenchaid. "Is áer cháinti fri filid!" olsi os sí oc gáirib. Co:cúalae Donnchad aní sin. Tánaic foa menmain techt co hÉrinn la sodain co:ndernad cammrunnu frissin n-ollamain i Maig Núadat ar ba sáeth leis a ngrád boíe fair. Ba olc ind adaig la gaíth máir fo:fúasnad in foirrci fond luing i mboí. Con:ráncatar 7 Cimbáeth didiu íarnabárach. "Lán cóic libuir dit brécaib scélaigechtae," ol Dáeltengae. "A lán cóic lebor ém dim scélaib fíraib," ol int ollam. Cachain Dáeltengae in rann so fris íarum. Is acher in dáel innocht, Fa:rúasan adaig gaíthe. Do:gní cloí fri Cimbáeth mbocht Oc ingairiu bó n-Aífe. "Ní maith in rann," ol Cimbáeth. "Am ferr mo filid indaí-siu, a ollam cen ecnae", ol Dáeltengae. "A:taam uili cen Peritia ó chíanaib acht do:bér óenrann duit," ol Cimbáeth. A scél inna mbó ní baí, Is gó fo:cheird cacc fort chlú. Indossa cíaba mart máel, In dáel ro-da:dart is tú. "Is fír són," ol fir Érenn. Ata:rechtatar teoir ferba for dib ngrúaidib nDáeltengad la sodain. "Is tú as aithech pitgnúisech in fecht so," ol Cimbáeth. "Do:tét mess fo aimsera," ol Donnchad. Teichid co Mag Mell 7 gabais for foglaimm mbraigetórachtae and ar ba bés dó labrad tria thóin riam. Finit. Amen.
Thug mé taitneamh don fhocal "scragall" an chéad uair a casadh orm é. Bhraith mé onomatopoeia de shaghas éigin ann. Is cosúil gur nocht an focal sin den chéad uair sa deichiú cuid (Tit. X) de Archaeologia Britannica le Edward Lhuyd (1707), an Focloir Gaoidheilge-Shagsonach:
Sgragall, Gold foil, a thin leaf ray or plate of gold, silver, &c. a spangle.
Lean foclóirithe eile, ceann i ndiaidh a chéile, ag cur an fhocail sin i gcló leis an sainmhíniú ceannann céanna. Ach cá bhfuair Edward Lhuyd an focal sin? Breatnach léannta a bhí ann. Ní raibh Gaeilge aige dáiríre. Tá neart samplaí de mhílitriú agus de bhotúin eile san fhoclóir a d'fhoilsigh sé.
Is dócha go bhfuil an freagra le fáil i cuid eile den leabhar céanna, in Tit. II, A Comparative Vocabulary of the Original Languages of Britain and Ireland. In iontráil amháin faoin fhocal Laidine lamina tá an méid seo le léamh:
Ir. Sgreab, sgreabal; leak no plata, mitail, eigine, slin, slata, sdiall, klâr no lann thana.
Fuair Lhuyd an méid sin go díreach ó lámhscríbhinn a scríobh Risteard Pluincéad sa bhliain 1662, Vocabularium Latinum et Hibernum, Focloir Lainne & Gaoidheilge:
Lamina, sgreab, sgreabal, leac, no pláta miotail éigeine; slinn, sgláta, sdiall, no clár, no lann thana.
Is é mo thuairim gur tharla timpiste do sgreabal idir Tit. II agus Tit. X de Archaeologia Britannica agus is de thaisme a rinneadh sgragall de. Ní sé soiléir an é Lhuyd é féin nó an clóchuradóir nó duine eile a bhí ciontach as an mbotún sin.
Seo cuid de na focail nár thosaigh le F sa tSean-Ghaeilge ach a thosaíonn le F anois. Tugtar próistéiteach nó prosthetic nó inorganic nó uaireanta adventitious ar an F sin. Nuair a shéimhítear F níl fuaim ar bith ag an FH sin. Mar sin tá an fuaimniú céanna ag "fhuacht" agus "uacht". Nuair a chuala daoine abairtí ar nós "san uacht" shíl siad gur "san fhuacht" a bhí i gceist. Agus ansin thosaigh siad ag cur F ann.