18 Márta 2014

mionnaí maolaithe



Is téarma é seo nach raibh agam go dtí le déanaí. Nuair a deirtear “shite” in áit “shit” nó  “frigging” nó “freaking” in áit “fucking,” is “minced oath” a tháinig as do bhéal. Tá na céadta díobh againn i mBéarla. 

Tá siad againn sa Ghaeilge freisin. Agus cé nach bhfuil leagan Gaeilge de “minced oath” in aon cheann de na foclóirí, tá téarma maith againn air mar sin féin, mar atá “mionn maolaithe”. Má thosaíonn tú le mionn mór nó focal gáirsiúil agus má bhaineann tú na faobhair aimhréidhe de, tá mionn maolaithe agat. Mar iad seo:

Muise!
Dar fia!
Ambaiste!
A Thiarcais!

Céard eile?

8 comments:

  1. Ní dóigh liom gur mionn maolaithe é 'ambaiste' < dom baisteadh. Fíormhionn coitianta atá ann.

    ReplyDelete
  2. Is dócha go bhfuil an ceart agat. Aon rud eile agat le cur ina áit?

    ReplyDelete
  3. b'fhéidir 'diucs'? Tá mé a cheapadh gur maolú ar 'diabhal' é, ach níl stair an fhocail agam.

    ReplyDelete
  4. Níl agam ach 'seafóid' - deirim é nuair a bhíonn fonn orm focal eile leis an bhfuaim 'sh..' a úsáid..;-)

    ReplyDelete
  5. Ar chuala tú 'Shut the front door!' in úsáid mar mhionn maolaithe do 'Dún do chlab!' riamh? Thall a chuala mé féin é, den chéad uair - baineadh geit agus gáire asam, ag an am céanna..:-)

    ReplyDelete
  6. Deirtear freisin go bhfuil duine ag seachaint na mallachta. Ceann eile is ea "Dar Crom" is dócha.

    Nó cúpla ceann eile i mBéarla: "Janey Mack" (Jesus Jack), "By golly/gosh", "jeepers"...

    ReplyDelete