Bhí robin's egg blue san fhaisean ar a lán rudaí tráth den saol. Seo é an locus classicus de, na huibheacha iad féin:
Ach tá fadhb thras-Atlantach leis an ainm seo! Ní bhfaighfeá uibheacha den dath seo i nead spideoige in Éirinn ná in áit ar bith eile san Eoraip. Cén fáth? Ní hansa. Ní hionann an t-éan ar a dtugtar spideog (nó rouge-gorge, pettirosso, Rotkehlchen, roodborst, etc.) air san Eoraip agus an robin redbreast i Meiriceá!
Seo é Turdus migratorius, an t-éan mór Meiriceánach. Smólach atá ann dáiríre:
Agus seo é an spideog Eorpach, Erithacus rubecula, éan nach bhfuil chomh mór céanna:
Maidir lena chuid uibheacha, níl dath robin's egg orthu ar chor ar bith. Tá siad donn.