29 Márta 2013

grágaíl agus feadaíl


Chonaic mé préachán ag clipeadh iolair mhaoil an lá cheana agus mé ag siúl abhaile. Bhíodar beirt ar eitilt agus bhí an préachán ag tabhairt sciuirdeanna anuas ar an iolar, ag grágaíl an t-am ar fad. Thug mé faoi dearadh arís chomh neamhbhinn is atá agallach na bpréachán i gcomórtas le feadaíl na n-iolar. (Nod libh: agallach a dúirt mé, ní agallamh!)


Chuir an grágaíl is an feadaíl an scéal seo i gcuimhne dom, scéal a d'inis mé bliain ó shin mar fhreagairt nó comment ar bhlagmhír a scríobh Seán O'ConnorChuala mé an scéal i Lushootseed agus i mBéarla  sa mhusaem iontach  seo, an Hibulb Cultural Center. 
Leagan de scéal idirnáisiúnta atá ann, faoin dreoilín agus faoin iolar. In Éirinn, tar éis don iolar dul in airde chomh fada agus a b'fhéidir leis, d'éirigh an dreoilín óna eireaball, mar a raibh sé i bhfolach, agus chuaigh sé suas cúpla orlach eile. Bhuaigh an dreoilín ríocht na n-éan leis an gcleas sin. 
Sa scéal a chuala mé abhus anseo, bhí amhráin na n-éan uilig i bhfostú sa spéir. (Tá scéal eile acu faoi mar a tharla an tubaiste sin!) Bhí ar na h-éin a gcuid amhráin a fháil ar ais. Ach ní raibh éan ar bith in ann eitilt a fhad leo. Rinne an dreoilín Meiriceánach an cleas céanna, ach i comhpháirt leis an iolar. Shroich an t-éan beag na hamhráin agus bhí sé in ann iad a thabhairt ar ais leis. 
Roinn sé na hamhráin i measc na n-éan uilig. Thug sé na hámhráin is fearr do na héin bheaga eile, agus na hamhráin nach raibh binn do na héin mhóra: an préachán, an corr, an fiach, an faoileán, agus mar sin de. Ach thug sé amhrán binn don iolar, an t-éan a bhí páirteach leis san eachtra. Agus choinnigh sé amhrán an-deas dó féin, ar ndóigh!

3 comments:

  1. Sa leagan Éireannach den scéal leis an iolar agus an dreoilín bhaineann an buaiteoir an duais mhór amach dó féin amháin ach léirítear meon atá thar a bheith sóisialach sa leagan Meiriceánach de!

    Suimiúil...

    ReplyDelete
  2. Bhuel, sa leagan seo atá dúchasach do na Salish roinneann an t-éinín na hámhráin, ach ... coinníonn sé na hamhráin is binne dá dhream féin. Hmmm... an-sóisialach ar fad, tar éis an tsaoil!

    ReplyDelete
  3. "ach ... coinníonn sé na hamhráin is binne dá dhream féin"

    Is buaine gach córas, is dócha, má ligtear spás beag ann don nádúr daonna.

    ReplyDelete