30 Márta 2013

gorm ubh na spideoige

Sna Stáit agus i gCeanada tá dath ann darb ainm robin's egg blue. D'fhoghlaim mé an t-ainm seo nuair a bhí mé i mo ghasúr agus is dóigh liom go bhfuil sé ag beagnach chuile dhuine abhus anseo. Is dath oifigiúil é de chuid Crayola é ó 1993 i leith.

Bhí robin's egg blue san fhaisean ar a lán rudaí tráth den saol. Seo é an locus classicus de, na huibheacha iad féin:


Ach tá fadhb thras-Atlantach leis an ainm seo! Ní bhfaighfeá uibheacha den dath seo i nead spideoige in Éirinn ná in áit ar bith eile san Eoraip. Cén fáth? Ní hansa. Ní hionann an t-éan ar a dtugtar spideog (nó rouge-gorge, pettirosso, Rotkehlchen, roodborst, etc.) air san Eoraip agus an robin redbreast i Meiriceá!

Seo é Turdus migratorius, an t-éan mór Meiriceánach. Smólach atá ann dáiríre:



Agus seo é an spideog Eorpach, Erithacus rubecula, éan nach bhfuil chomh mór céanna:


Maidir lena chuid uibheacha, níl dath robin's egg orthu ar chor ar bith. Tá siad donn.

4 comments:

  1. An bhfuil a fhios ag éinne cén fáth nach bhfuil na héin ar an taobh seo den Atlantach chomh dathannach leis na cinn ar an taobh eile?

    ReplyDelete
  2. nach ait a gorm sin ar aon ubh aon áit ar domhan! Shílfeá nach ag iarraidh iad a fhógairt a bheidís.

    ReplyDelete
  3. Breitheann cearca Araucana uibheacha gorma chomh maith, ach ní bhíonn siad chomh gorm sin de ghnáth.

    ReplyDelete
  4. Ní raibh a fhios sin agam, go raibh difear tras-Atlantach ann. GRMA.

    ReplyDelete